An Ré Phailéasóch
570-230 milliún bliain ó shin. Thosaigh orgánaigh ilcheallacha is éisc ag teacht chun cinn. Roinntear an ré seo ina tréimhsí mar seo: an tréimhse Chaimbriach (570-500 milliún bliain ó shin) inar thosaigh ainmhithe mara gan chnámh droma; an tréimhse Ordaivíseach (500-435 milliún bliain ó shin) inar thosaigh na chéad éisc, fungais is feamainn; an tréimhse Shiolúrach (435-400 milliún bliain ó shin) inar tharla na chéad phlandaí ar thalamh thirim; an tréimhse Dheavónach (400-345 milliún bliain ó shin) inar mhéadaigh na héisc is ar thosaigh na feithidí is na hainmhithe tire; an tréimhse Charbónmhar (345-280 milliún bliain ó shin) inar thosaigh na reiptílí is na débheathaigh; an tréimhse Pheirmeach (280-230 milliún bliain ó shin) inar díothaíodh an-chuid de na hainmhithe gan chnámh droma is ar thosaigh na foraoisí cónaiféaracha.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Pailéasóch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 502.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |