An tAeón Aircéach

an dara haeón san amscála geolaíoch

Is é an tAeón Aircéach (nó an tAeón Aircéasóch i bhfoinsí níos sine) an dara haeón geolaíoch as na ceithre aeón i stair an domhain, an tréimhse idir 4031 milliún agus 2500 milliún bliain ó shin, tar éis an Aeón Háidéach agus roimh an Aeón Prótarasóch. Tharla an tOighriú Úrónach ag deireadh an aeóin seo.

Bhí an chuid is mó den domhan faoi uisce le linn an aeóin Aircéigh; bhí screamh ilchríochach ann, ach bhí an chuid is mó de faoi aigéan a bhí níos doimhne ná aigéin an lae inniu. Bhí atmaisféar an Domhain an-difriúil ag an am freisin: bhí go leor meatán san atmaisféar, agus easpa ocsaigine saoire.

Thosaigh na foirmeacha beatha is luaithe san Aeón Aircéach, chomh maith leis na céad phróisis fhótaisintéiseacha.