An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire

leabhar le Biddy Jenkinson

Is í Biddy Jenkinson údar an leabhair seo, An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire.

WD Bosca Sonraí LeabharAn tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire
Cineálsaothar ficsin Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarBiddy Jenkinson Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2010 Cuir in eagar ar Wikidata

Dhein an tAthair Ua Duinnín gaisce agus d'fhág réim agus doimhneacht a shaothair pobal na Gaeilge faoina chomaoin. Foilsíodh an chéad eagrán dá Fhochlóir (Foclóir Gaedhilge agus Béarla) sa bhliain 1904 agus chuir sé go mór leis in eagrán 1927. San eagrán nua san, luaigh sé ciall thánaisteach le "scéal fiannaidheachta" - "a cock and bull story". Dá réir sin, b'fhéidir go dtabharfadh an Duinníneach féin "scéalta fiannaidheachta" ar scéalta an chnuasaigh seo. Ach, cá bhfios?

Dhein Biddy Jenkinson spraoi leis an bhfírinne nuair a mhúnlaigh sí na h-eachtraí anseo. Chuir Ríbó, a dheilbhigh na léaráidí, leis an spraoi sin. Bheidís beirt ag súil go maithfeadh an Duinníneach dóibh é, ón uair gur dóigh leo go raibh siad ar thóir taibhse a bhfuil cónaí air sa bhFoclóir.

Is cinnte go maithfidh léitheoirí na h-aoise seo dóibh mar go dtaitneoidh an leabhar go mór leo siúd a bhaineann sult as greann mín, agus as rémheilt agus spíonadh na faisnéise.

Aon scéal déag atá sa leabhar seo, aon chás déag le réiteach. Is cuimhin linn ar fad an sainmhíniú a thug an Duinníneach ar an bhfocal 'bleachtaire': 'a milker, a dairyman, a milk dealer, a wheeler;' agus sa deireadh 'a detective.'

An Comhlacht foilsitheoireachta Coiscéim a d’fhoilsigh an leabhar sa bhliain 2008 agus tá 245 leathanach ann.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar