An tIompú Deiseal
sráidbhaile i gContae Fhear Manach
Sráidbhaile i gContae Fhear Manach é an tIompú Deiseal[1], nó an tIompó Deiseal, mar a litreofaí i nGaeilge Uladh é. "Tempo" an t-ainm Béarla, ach ar ndóigh níl baint ar bith ag an logainm le coincheap an tempo sa cheoltóireacht. Tá an sráidbhaile suite chois Shliabh Bruachair, i ndlínse Chomhairle Cheantair Fhear Manach. Bhí 533 duine ina gcónaí san áit sa bhliain 2001.
An tIompú Deiseal | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Cód poist | BT74 | |||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 130660 |
Is í an eachtra stairiúil is mó a shamhlaítear leis an Iompú Deiseal ná an ruathar a rinne Óglaigh na hÉireann ar bheairic na saighdiúirí dubha ar an 25 Deireadh Fómhair 1920.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “An tIompú Deiseal/Tempo | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |