Is abhainn í An tSabhrainn (Breatnais:Afon Hafren) atá suite i Gloucestershire, san Ríocht Aontaithe. Ag 354 km ar fad. is í an abhainn is faide sa Bhreatain í. Éiríonn an abhainn i lár na Breataine Bige sula sreabhann sí trí iarthar Shasana ar feadh cuid dá chúrsa agus sreabhann sí isteach i Mhuir na Sabhrainne idir Caerdydd agus Weston-super-Mare.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn tSabhrainn
Íomhá
CineálAbhainn Cuir in eagar ar Wikidata
Foinse
Mór-roinnAn Eoraip Cuir in eagar ar Wikidata
Limistéar riaracháinan Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Deireadh
Limistéar riaracháinSomerset, England Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhCaol Bhriostó Cuir in eagar ar Wikidata
Map
52°29′40″N 3°44′15″W / 52.4944°N 3.7375°W / 52.4944; -3.7375
51°41′07″N 2°32′37″W / 51.6853°N 2.5436°W / 51.6853; -2.5436
Craobh-abhainn
Tréithe
Toisí354 (fad) km
Abhantrach11,420 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Bearta agus táscairí
Sreabhadh106.62 m³/s Cuir in eagar ar Wikidata

Éiríonn an tSabhrainn ar fhánaí thuaidh Phumlumon in aice le Llanidloes, ag airde 610m. Níl foinse na habhann Afon Gwy i bhfad ar shiúl, ar fhánaí theas Phumlumon. Sníonn an abhainn soir ó dheas trí Goedwig Hafren (Gaeilge: Foraois na Sabhrainne). Díreach sula sroicheann sí Llanidloes, ceanglaíonn an Afon Dulas léi agus ansin i mbaile Llanidloes féin nascann an Afon Clywedog léi. Ó Llanidloes casann an abhainn soir ó thuaidh thar Landinam agus Caersoos, áit a nascann Afon Carno léi. Ritheann sé tríd Y Drenewydd agus thar Castell Dolforwyn agus Aber-miwl agus ansin tríd Y Trallwng. Ar feadh cúpla míle cruthaíonn an abhainn an teorainn idir Sasana agus an Bhreatain Bheag, ansin trasnaíonn sí isteach i Sasana, áit a leanann sí soir ag sreabhadh tríd Shrewsbury. Sníonn sí ansin thar The Iron Bridge agus Bridgnorth, Stourport-on-Severn agus ansin Gloucester, áit a nascann an Teme léi, díreach ó dheas den chathair, agus Tewkesbury. Sníonn sé ó dheas thar Gloucester sula sroicheann sí Caol Bhriostó, áit a scarann sí Sasana agus an Bhreatain Bheag.

Tá roinnt droichead suntasach ann, go háirithe droichid iarainn Llandinam agus Iron Bridge, Pont Hafren agus Ail Groesfan Hafren, agus tollán iarnróid ag trasnú na habhann.