An tSomáilis
Is í an tSomáilis an teanga a labhraíonn formhór mhuintir na Somáile agus na Somálaigh sna tíortha in aice láimhe. Is teanga Cúiseach í agus í an dara teanga Cúiseach is mó a labhraítear ar domhan í (i ndiaidh na hOraimise)[1]. Is teanga oifigiúil na Somáile agus Críoch Shomáile í agus tá stádas aici mar theanga aitheanta sa Chéinia, i nDiobúití agus san Aetóip. Le tús an Cogadh Cathartha Somálach sna 1990idí, tháinig go leor Somálach ar imirce go dtí an Eoraip, Mericeá Thuaidh agus an Meánoirthear. Mar gheall ar sin, ta diaspóra mór a labhraíonn an teanga ar fud an domhain. Go hoifigiúil, úsáidtear an Aibítir Laidineach sa tSomáilis.
Af-Soomaali, اف سومالى agus 𐒖𐒍 𐒈𐒝𐒑𐒛𐒐𐒘 | |
---|---|
Cineál | teanga nádúrtha agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 16,200,000 (2019) |
Dúchasach do | Djibouti, Afar Region (en) , Dire Dawa, Oromia Region (en) , Somali Region (en) , Garissa County (en) , Mandera County (en) , Wajir County (en) agus an tSomáil |
Stáit | Djibouti, an Aetóip, an Chéinia, an tSomáil agus Críoch Shomáile |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Afra-Áiseacha teangacha Cúiseacha East Cushitic (en) Lowland East Cushitic (en) Omo–Tana (en) Macro-Somali (en) Somali languages (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach, Wadaad's writing (en) agus Osmanya (en) |
Cóid | |
ISO 639-1 | so |
ISO 639-2 | som |
ISO 639-3 | som |
Glottolog | soma1255 |
Linguasphere | 14-GAG-a |
Ethnologue | som |
ASCL | 9208 |
IETF | so |
Stair
cuir in eagarGo stairiúil, bhí a scripteann féin ag an tSomáilis ach tá siad caillte le fada. Le déanaí, d'úsáid an teanga an Aibítir Arabach agus Wadaad chomh maith leis an Aibitír laidinieach. Sa bhliain 1972, ghlac an rialtas an Aibitír Laidineach go hoifigiúil. D'athraigh an teangeolaí Shire Jama Ahmed an aibítir a chinntiú go raibh sé oiriúnach don Somáilis.
Roghnaíodh an tSomáilis mar theanga oifigiúil na Somáile sa bhliain 1973 agus d'éiligh an Chúirt Réabhlóideach Uachtarach go n-úsaidfeadh an teanga in oideachas agus i riarachán. Chomh maith le sin, cheap bunreacht Críoch Shomáile an teanga mar theanga oifigiúil sa bhliain 2001.
Gramadach
cuir in eagarDeilbhíocht
cuir in eagarIs teanga gleanúna í an tSomáilis a úsáideann infhilleadh. Cuirtear iarmhíreanna éagsúla ag deireadh na focail mar alt cinnte. Tá -ki nó -ka curtha ag deireadh ainmfhocail fhirinscneacha agus tá -ti nó -ta curtha ag deireadh ainmfhocail bhaininscneacha sa tuiseal dearbhach.
Chomh maith leis an tuiseal dearbhach, tá trí tuiseal eile sa teanga; an tuiseal ainmneach, an tuiseal ginideach agus an tuiseal gairmeach.
Comhréir
cuir in eagarDé ghnáth, is é ord na bhfocal a úsáidtear sa teanga ná: Ainmní - Cuspóir - Briathar.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Saeed, John (1999). Somali. Amsterdam: John Benjamins. ISBN 1-55619-