Náisiúnaí agus gníomhaí talún Éireannach ab ea Anna Catherine Maria Mercer (1852–1911).

Infotaula de personaAnna Parnell

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith13 Bealtaine 1852
Teach Avondale Cuir in eagar ar Wikidata
Bás20 Meán Fómhair 1911
59 bliana d'aois
Ilfracombe, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháis
Gníomhaíocht
Gairmgníomhaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
AthairJohn Parnell  agus Delia Tudor Stewart Parnell
SiblínCharles Stewart Parnell, John Howard Parnell, Theodosia Parnell agus Fanny Parnell

Óige agus oideachas cuir in eagar

 
Anna Parnell

Rugadh Parnell i dTeach Avondale, Co. Chill Mhantáin sa bhliain 1852. Ba í Anna an darna duine is óige de sheisear iníonacha agus cúigear mac a bhí ag John Henry Parnell. Tar éis bhás a hathar in 1859 d'fhág teaghlach s'aici Avondale agus bhog siad go dtí Baile Átha Cliath, áit a bhfuair Anna agus deirfiúracha s'aici oideachas ó roinnt máistreás. Tar éis tamall gairid i bPáras, nuair a bhí sí ocht mbliana déag d'aois, chláraigh sí le Scoil Ealaíne an Chumainn Ríoga, Baile Átha Cliath. Bhog sí go Londain agus í dhá bhliain is fiche d'aois chun staidéar a dhéanamh i South Kensington School of Design. [1]

Saol agus Gairm Bheatha cuir in eagar

Bunaíodh Conradh na Talún in Éirinn, le Charles Stewart Parnell ina uachtarán agus Michael Davitt ina rúnaí, sa bhliain 1879 nuair a bhí Anna i Bordentown, New Jersey, ar cuairt ar a máthair agus a deirfiúracha. Bhí ar fheirmeoirí tionóntachta ‘cíos cothrom’ a thairiscint do thiarnaí talún, gan rud ar bith a íoc dá ndiúltódh an tiarna talún don tairiscint. D’oibrigh Anna agus a deirfiúr Fanny i Nua-Eabhrac do Chiste Faoisimh an Ghorta Mhóir. Nuair a bhí Davitt i Nua-Eabhrac, chomhoibrigh sé go dlúth le Anna, agus bhí meas aici ar a cumas riaracháin agus intleachtúil. D’fhill sí ar Éirinn go déanach sa bhliain 1880 chun déine an fheachtais a fheiceáil.

Thug an rialtas acht talún isteach, a bhí dírithe ar shíocháin na corraíola, agus gníomh comhéigeanta, a rinne foráil do phríosúnacht láithreach. Mhol Davitt don tsraith craobh na mban a bhunú, cosúil le Conradh Talún na mBan a bhunaigh Fanny Parnell i Nua-Eabhrac. Níor thaitin an moladh le Parnell agus le daoine eile sa cheannaireacht, ach d’aontaigh siad sa deireadh. Glaodh Anna chun dul i bhfeighil ar Chonradh Talún na mBan.

Le Conradh Chill Mhaighneann i mBealtaine 1882 tháinig an rialtas ar chomhaontú le Charles Stewart Parnell príosúnaigh a scaoileadh saor agus leasú a dhéanamh ar Acht Talún 1881 mar mhalairt ar deireadh a chur leis an agóid. Dhiúltaigh na mná leanúint ar aghaidh mar ghníomhaireacht charthanachta amháin, agus tharla idirbheartaíochtaí searbha eatarthu féin agus ceannaireacht Chonradh na Talún sular díscaoileadh Conradh Talún na mBan ar an 2ú Lúnasa.[2]

Conradh Talún na mBan cuir in eagar

Bhog Anna ar ais chuig Baile Átha Cliath in 1880. Nuair a raibh cuma ar an scéal gur dócha go ngabhfaí fir Conradh na Talún, moladh go dtiocadh le Conradh Talún na mBan an obair a glacadh suas ina neamhláíthreacht. Ag an am bhí pobail na tíre i gcoinne mná i bpolaitíocht, ach bunadh Conradh Talún na mBan ar an 31ú lá de Eanáir 1881.

Nuair a chuireadh na fir i bpriosúin in 1881 ghlac na mná le obair s'acu. D'eagraigh Anna roinnt brainsí agus ag spreagadh mná chun ról níos mó a glacadh. tugadh oifigí dóibh ach beagán cuidiú. bhailigh siad airgead don Léig agus do theaghlaigh na bpriosúnaí. Faoi tús 1882 bhí 500 brainse, na mílte mná agus méid suntasach poiblíocht. I mí Nollag 1882 craoladh mar eagraíocht mídhleathach í.[3]

Saol déanach agus bás cuir in eagar

Tar éis bás a deartháir (John Howard Parnell) i 1891 bhog Anna go dtí deisceart Shasana ar feadh an chuid eile da saol.Bhí fós spéis aici i cúrsaí Éireannacha agus d'fhan sí ina cairde le hiarbhaill na sraithe.Léirigh sí a tiomantas láidir do chearta na mban trí tacú le hiarracht Helen Taylor in 1885 a bheith ina hiarrthóir parlaiminte.Níor éirigh le Helen le linn seo.Bhí a cuinsí pearsanta deacair mar go raibh sí ag brath ar bhianacht bheag a íoc óna deartháir.D'eagraigh cairde s'aici ioncam breise trí foilsiú.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Parnell, Anna Mercer (Catherine Maria) | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2024-01-08.
  2. Nicola Depuis (2009). "Mná Na HÉireann: Women who Shaped Ireland" (as en). Mercier Press Ltd. 
  3. Seamus Deane, Andrew Carpenter, Angela Bourke, Jonathan Williams (1991). "The Field Day Anthology of Irish Writing" (as en). NYU Press.