Anne Frater
File Albanach is ea Anne Frater, a rugadh sa bhliain 1967, í Steòrnabhagh, Leòdhas, Inse Ghall ar na hOileáin Siar. Tógadh í san sráidbhaile Pabail Uarach i gceantar an Rubha, pobal beag a raibh Ruaraidh MacThòmais agus Iain Mac a' Ghobhainn ina gcónaí ann chomh maith.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 Iúil 1967 57 bliana d'aois Steòrnabhagh, Scotland |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Ghlaschú |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, file |
Seánra | Filíocht |
Teangacha | Gaeilge na hAlban agus Béarla |
Stíl
cuir in eagarDéanann a cuid filíochta anailís ghrinn ar fhéiniúlacht agus ar náisiún chomh maith le grá, tírdhreach agus teanga. Scríobhann sí go príomha i saorvéarsaíocht.
Beatha
cuir in eagarFuair Frater céim ó Ollscoil Ghlaschú le céadonóracha i gCeiltis agus i bhFraincis, agus fuair sí cáilíocht mhúinteoireachta ó Choláiste Chnoc Iòrdain. In 1995 bhronn Ollscoil Ghlaschú PhD uirthi as a tráchtas ar fhilíocht Ghaeilge na mban in Albain anuas go dtí 1750.[1] Foilsíodh alt léi ar an ábhar sin in A History of Scottish Women’s Writing (1997).[2] Bíonn sí ag léachtóireacht i gColaiste a' Chaisteil i Steòrnabhagh (Oilthigh na Gàidhealtachd agus nan Eilean), áit a mbíonn sí ag teagasc ar na cúrsaí céime lán-Ghaeilge, agus tá sí ina Ceannaire Cláir don chéim BA (Hons) Gaelic Scotland[3]
Filíocht
cuir in eagarTá a cuid dánta le fáil i ndíolamaí filíochta Gaeilge agus in irisí. Ba é an chéad chnuasach aici Fo’n t-Slige (Gairm 1995) agus ba é an dara cnuasach Cridhe Creige (Acair 2017, dátheangach).
Ar na téamaí atá aici tá pobal agus féiniúlacht:
- Faisg air daoine:
- gan coimhead,
- gan cluinntinn,
- ach cha ruig iad orm –
- tha mi ro fhad’ air falbh.
- Faisg air daoine:
- Chan urrainn dhomh fàgail,
- chan urrainn dhomh tilleadh,
- ’s cha tig an dà leth ri chèile.
- Chan urrainn dhomh fàgail,
(Sliocht as “Eilean Phabail,” Fo’n t-Slige 1995.)
Filíocht
cuir in eagar- "Glasgow," Gairm 156, Fómhar 1991, lch 330.
- Fon t-Slige / Under the Shell. Glaschú: Gairm, 1995.
- Cridhe Creige . Steòrnabhagh: Acair, 2017.
Ailt chriticiúla
cuir in eagar- Frater A., “Mairearad Cò?” in Gairm 171, 1995 (Samhradh), lch 253: alt faoin bhfile Mairearad nighean Lachlainn.
Nótaí
cuir in eagar- ↑ https://www.scottishpoetrylibrary.org.uk/poet/anna-frater/
- ↑ Frater, Anne C., “The Gaelic Tradition up to 1750” in Douglas Gifford agus Dorothy McMillan (eag.), A History of Scottish Women’s Writing, Edinburgh: Edinburgh University Press, 1997, lgh 1-14: ISBN 978-0-748-60916-1.
- ↑ Scotland BA (Hons) [nasc briste go buan]