Scríbhneoir Sasanach is ea Anthony Horowitz (a rugadh ar an 5 Aibreán 1956 i Londain Shasana).

Infotaula de personaAnthony Horowitz

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Aibreán 1955
68 bliana d'aois
Stanmore, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Eabhrac
Scoil Rugby
Orley Farm School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir scripte, scríbhneoir litríocht pháistí, úrscéalaí, scríbhneoir, léiritheoir feidhmiúcháin Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1978 –
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinanthonyhorowitz.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0395275 Allocine: 84036 Allmovie: p241109
Musicbrainz: e568c030-79af-42e1-9d05-d57625325657 Discogs: 4791583 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Rugadh Horowitz i Stanmore, Middlesex, i Sasana, i dteaghlach Giúdach. Ba i gcomharsanacht Ghiúdach a chónaigh siad. D'oibrigh a athair don phríomh-mhinistéir Harold Wilson. Bhí saol ard-mheánaicmeach acu go bhfuair a athair bás. Bhí bancbhriseadh á thuar orthu faoin am sin, áfach, agus a gcuid acmhainní curtha i bhfolach ag an athair gan a chur in iúl dona theaghlach cá háit. Níor thángthas ar an airgead ó shin.

Scríobhann sé leabhair do pháistí agus d'ógánaigh (50 díobh go nuige seo) chomh maith le scripteanna don teilifís. Ar an saothar sin tá Power of Five, script do Midsummer Murders (1997), agus an tsraith Alex Rider. Is é atá sa tsraith seo ná úrscéalta agus gearrscéalta faoi dhéagóir a dhéananns spiaireacht. Rinne MGM scannán de cheann de na húrscéalta seo, Stormbreaker, sa bhliain 2006.

Phós sé a bhean chéile sa bhliain 1988 in Hong Cong. Tá sé ina chónaí lena bhean i Londain Thuaidh faoi láthair. Tá beirt pháistí acu.