Aodán Mac Póilín
Ba scríbhneoir é Aodán Mac Póilín (11 Deireadh Fómhair 1948 – 29 Nollaig 2016)[1] a bhí gníomhach ar son na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Fuair sé bás ar 29 Nollaig 2016.[2]
Ainm sa teanga dhúchais | (ga) Aodán Mac Póilín (ga) Aodán Mac Póilin |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 1948 Béal Feirste, Northern Ireland |
Bás | 2016 67/68 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Uladh |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | An Ghaeilge, teangacha Gaelacha, litríocht na hÉireann agus cultúr |
Suíomh oibre | Tuaisceart Éireann |
Gairm | scríbhneoir, múinteoir, scoláire liteartha, teangeolaí, duine léinn |
Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
Saol
cuir in eagarRugadh i mBéal Feirste é, agus bhí sé ina chónaí i nGaeltacht Bhéal Feirste. D'fhreastail sé ar Ollscoil Uladh agus bhain sé bunchéim agus M.Phil sa Léann Éireannach amach. Iar-mhúinteoir a bhí ann.
Eagraíochtaí
cuir in eagarSa bhliain 1990 ghlac sé post mar Stiúrthóir ar Iontaobhas Ultach. Dar le beo.ie, "Bhí an dearg-ghráin ag go leor de náisiúnaithe na sé chontae ar an eagras Iontaobhas Ultach sna nóchaidí de bhrí gurbh é rialtas na Breataine a chuir maoiniú ar fáil dó ag an am agus chaith go leor acu go suarach leis an té a bhí agus atá i gceannas air, an Béal Feirsteach Aodán Mac Póilín."[3]
Deir Risteard Mac Gabhann go raibh "cluiche an-chontúirteach á imirt acu" maidir le Mac Póilín, agus "Bhí clúmhilleadh ar siúl ag cuid de na colúnaithe a bhí ag scríobh ina éadan. Ag an am, bhí go leor gealt ag dul thart a d’amharcfadh air seo agus b’fhéidir a ghlacfadh treoir uaidh agus a dhéanfadh dochar d’Aidan. Sin an eagla is mó a bhí air. Bhí seisean ag siúl thart fá na ceantair seo i rith ama sin, bhí sé ina chónaí i gceartlár Bhaile Andarsan.”[4]
Bhí Mac Póilín gníomhach sa Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana agus i gComhairle Caidrimh Pobail Thuaisceart Éireann, agus bhí sé mar Chathaoirleach ar an chéad Ghaelscoil i dTuaisceart Éireann. Ba bhall boird le Foras na Gaeilge, Colm Cille, agus Comhairle Craoltóireachta Thuaisceart Éireann é. Ba chomhalta é de na boird seo a leanas: Cultúr na hÉireann, Comhairle na Gaelscolaíochta, agus Aonad Seamus Heaney, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, faoi láthair.
Mhaígh sé go raibh buntáiste le fáil ag aontachtaithe an Tuaiscirt dá gcuirfidís béim ar an mbaint atá acu leis an tír as ar tháinig cuid mhaith dá muintir.[5] Bunaíodh an Preispitéireachas, an creideamh Protastúnach is mó i dTuaisceart Éireann, in Albain – agus dar leis, ofrálann an tír sin féiniúlacht pholaitiúil Bhriotanach nach bhfuil Sasanach, rud a mheallfadh aontachtaithe a mhothaíonn deighilt idir iad féin agus Westminster.[6]
Saothair
cuir in eagarBhí altanna scríofa agus léachtanna tugtha ag Mac Póilín ar go leor ábhar a bhaineann le cúrsaí cultúir, litríochta agus teanga. Bhí Mac Póilín mar eagarthóir ar na leabhair seo leanas: Styles of Belonging: the cultural identities of Ulster (1992), Ruined Pages, New Selected Poems of Padraic Fiacc (1994), The Irish Language in Northern Ireland (1997). Ba bhall de phainéal eagarthóireachta Leabhar Mór na Gaeilge (2002) é.[7]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 13 Aibreán 2018. Dáta rochtana: 4 Márta 2018.
- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “MAC PÓILÍN, Aodán (1948–2016) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-19. Dáta rochtana: 2009-06-18.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-19. Dáta rochtana: 2009-06-18.
- ↑ http://www.beo.ie/index.php?page=ar_na_saolta_seo&content_id=165[nasc briste go buan]
- ↑ http://www.beo.ie/index.php?page=ar_na_saolta_seo&content_id=165[nasc briste go buan]
- ↑ http://www.beo.ie/index.php?page=archive_content&archive_id=1627[nasc briste go buan]