Aodh Rón mac Cathail
Rí Uí Fhailí ba ea Aodh Rón mac Cathail (Sean-Ghaeilge Áed Rón mac Cathail) (bás 604). Bruidge mac Nath Í (bás 579), iar-rí, ba ea a sheanathair.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 604 (Féilire Ghréagóra) |
Teaghlach | |
Páiste | Ailill mac Aodha Róin |
Feictear Aodh sa ríliosta sa Leabhar Laighneach ach faoin ainm Aed Róin mac Falge Ruit (tugtar réimeas deich mbliana do sa liosta). Luaitear é i ndán maidir leis an ndún ríoga ag Ráth Iomgháin.[2][3] Deirtear sa dán is go raibh a athair, Cathal mac Bruí, fosta ina rí, acu ní fheictear é nó sna hannála nó sna ginealaigh.
Rinne Aodh comhaontas le Síol Aodha Sláine in éadan Chlann Cholmáin san aighneas i measc Uí Néill an Deiscirt. Maraíodh é mar thoradh sa bhliain 604, ar an lá céanna a maraíodh Áed Sláine, agus tháinig Conall Guthbhinn (bás 635), rí Uisnigh, chun cinn.[4][5][6][7][8][9]
Rinneadh rí Uí Fhailí dá mhac, Ailill. De shliocht a dhearthár, Maol Umha, a bhí an chuid is mó de ríthe eile, áfach.
Foinsí
cuir in eagar- Annála Uladh, iml. 1
- Leabhar Laighneach, at Rig hua Falge
- Donnchadh Ó Corráin, Rawlinson B 502, Ginealaigh
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Ó Cróinín, Dáibhí (2005), A New History of Ireland, imleabhar One, Oxford: Oxford University Press
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Rawlinson Genealogies, lch. 58
- ↑ Byrne, lch. 153-154
- ↑ Ó Cróinín, lch. 192
- ↑ Annála Uladh, AU 604.3
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 602.3
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, ACM 600.5
- ↑ Byrne, lch. 154
- ↑ Ó Cróinín, lch. 193
- ↑ Mac Niocaill, lch. 93