Is é Aotearoa an t-ainm Maoraise ar an Nua-Shéalainn. Ciallaíonn sé go litriúil "talamh an scamaill fhada bháin". Ba iad na hainmneacha Maori is luaithe don tír ná Niu Tireni, Nu Tirani agus Nu Tirene, a úsáideadh i ndoiciméid mar Chonradh Waitangi. Ó na 1990idí i leith, tá amhrán náisiúnta na tíre, God Defend New Zealand, (nó "Aotearoa") á chanadh i Maorais agus i mBéarla, agus scaipeadh an t-ainm ar lucht éisteachta níos leithne.

Tagairtí cuir in eagar