Aphrodita aculeata

speiceas anailidí

Is péist ghuaireach mhara é Aphrodita aculeata a fhaightear san Atlantach Thuaidh, sa Mhuir Thuaidh, sa Mhuir Bhailt agus sa Mheánmhuir. Tugtar an luch mharaan luch fharraige air go coitianta.[1] De ghnáth, luíonn an luch mhara sa ghaineamh ar ghrinneall na farraige, ceann faoi.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoAphrodita aculeata Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamAnnelida
AicmePolychaeta
OrdPhyllodocida
FineAphroditidae
GéineasAphrodita
SpeiceasAphrodita aculeata Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758

Sanasaíocht cuir in eagar

Tháinig ainm an ghéinis ó Afraidíté, bandia an ghrá i miotaseolaíocht na Sean-Ghréige, mar gheall ar chosúlacht le baill ghiniúna na mban daonna, mar dhea.[2] D’fhéadfadh go dtagann an gnáthainm Gaeilge (agus Béarla, sea mouse) ón chosúlacht le luch thí bháite a bhí caite i dtír ar an gcladach.[3] Is é ainm an speicis, aculeata, an focal Laidine ar “spíonach”.

Cur síos cuir in eagar

Tá corp na lucha mara clúdaithe le “séití” (struchtúir atá cosúil le ribí). De ghnáth, bíonn na cinn fásta idir 10 agus 20 ceintiméadar ar fhad.

Is creachadóir gníomhach í an luch mhara[4] a itheann portáin bheaga, faochain gliomaigh, agus péisteanna guaireacha eile lena n-áirítear Pectinaria agus Lumbriconereis.[4] Tá sí in ann péisteanna eile atá i bhfad níos mó ná a corp féin a ithe.[4] Itheann sí san oíche de ghnáth, agus cuid den ainmhí i bhfolach faoi bhrat gainimh.[4]

Cladaí Chonamara cuir in eagar

Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an luch mhara ina leabhar clúiteach Cladaí Chonamara:

Is gránna neamh-mhothaitheach an feithide í an luch mhara le féachaint uirthi ar dtús, mar go mbíonn an áilleacht ina codladh inti, ach má fhaigheann tú dosán feamainne agus a chuimilt, leis an mangarae a bhíos i ngreamú de a ghlanadh feicfidh tú loinnir ildathach sna deilgíní beaga atá ag fás as a craiceann, a bhíos ag athrú dathanna faoi sholas na gréine. Is féidir cosa beaga a thabhairt faoi deara ar a bolg le go ngreamaíonn sí í féin d'fheamainn agus d'aon rud eile a bhíos sna locháin. Bíonn an béal beag ag oscailt agus ag dúnadh gach ala. Is le cineál ribeacha atá timpeall a béil a sholáthraíos sí a cuid bia. Timpeall le cúpla orlach ar fhad atá sí. Is beag nach ionann fad agus leithead di...[5]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Aphrodita aculeata” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-30.
  2. Kennedy, Jennifer (1 Deireadh Fómhair 2019). “Profile of the Sea Mouse Ocean Worm”. ThoughtCo. Dáta rochtana: 29 Meán Fómhair 2021.
  3. "Ocean: The World's Last Wilderness Revealed" (2006) (first American ed.). Nua-Eabhrac: DK Publishing. ISBN 978-0-7566-2205-3. 
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 Tyler, Lizzie. “BIOTIC Species Information for Aphrodita aculeata”. Biological Traits Information Catalogue. Dáta rochtana: 24 Nollaig 2014.
  5. Mac an Iomaire, Séamas (1985). "Cladaí Chonamara" (in ga) (2ú ed.). Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-1-85-791447-4.