Eaglais i Sráid Donegall i mBéal Feirste is ea Ardeaglais San Anna (Ardeaglais Bhéal Feirste uaireanta, Béarla: St. Anne's Cathedral). Suíomh dhá dheoise de chuid Eaglais na hÉireann í, rud is annamh, agus mar sin tá dhá easpag lonnaithe inti. Is é Coinnire deoise amháin den dá cheann a bhfuil an ardeaglais mar shuíomh acu. An Dún agus an Droim Mhór an deoise eile. Cuireadh tús lena tógáil sa bhliain 1899 agus críochnaíodh í sa bhliain 1904.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Ardeaglais San Anna
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(en) St Anne's Cathedral
Sonraí
CineálArdeaglais Anglacánach nó Easpagóideach
AiltireThomas Drew
Foirgníocht1904 Cuir in eagar ar Wikidata
Tiomnaithe doNaomh Áine
Tréith
Stíl ailtireachtaRomanesque Revival architecture (en) Aistrigh
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBéal Feirste, Northern Ireland
SuíomhBéal Feirste
Map
 54°36′10″N 5°55′44″W / 54.6027°N 5.92884°W / 54.6027; -5.92884
Gníomhaíocht
DeoiseChurch of Ireland Diocese of Connor (en) Aistrigh
ReiligiúnAnglacánachas agus An Chríostaíocht
Suíomh gréasáin oifigiúilbelfastcathedral.org

Ba bheag nár leag buama Gearmánach an foirgneamh sa bhliain 1941. Sa bhliain 2007 cuireadh spuaic chruach dhosmálta 40 méadar ar airde ar an eaglais ar a dtugtar "Spuaic an Dóchais" agus a gcuirtear solas uirthi istoíche. Ceathrú na hArdeaglaise a thugtar ar an gceantar de Bhéal Feirste ina bhfuil an eaglais suite.

Spuaic na hardeaglaise

Naisc sheachtracha cuir in eagar