Is cuid d'Óglaigh na hÉireann (Fórsaí Cosanta na hÉireann) é Arm na hÉireann. Tá sé roinnte ina dhá pháirt, na Buan-Óglaigh agus Cúltaca an Airm (roimh Meán Fómhair 2005, thugtaí an Fórsa Cosanta Áitiúil ar an gCúltaca). Tá 8,500 fear agus bean san arm faoi láthair.

Bosca Sonraí EagraíochtaArm na hÉireann
(ga) an tArm Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálarm Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh Feabhra 1922National Army (en) Aistrigh
Rialachas corparáideach
Líon fostaithe7,520 (2012) Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deÓglaigh na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinmilitary.ie… Cuir in eagar ar Wikidata

Eagraíocht cuir in eagar

Dá Briogáid Chosaithe atá i struchtúr an Airm, arna n-eagrú in eagair ilairm, a mbíonn ceanncheathrú briogáide, aonaid chomhraic, aonaid tacaíochta comhraic agus aonaid tacaíochta seirbhísí comhraic i ngach ceann acu. Is iad na Briogáid:

  • Céad Bhriogáid an Deiscirt
  • Dara Briogáid an Tuaiscirt

Tacaíonn "Airmheáin Traenála Óglaigh na hÉireann" (ATÓÉ) agus Bunáit Lóistíochta an Churraigh leis na feidhmeanna traenála agus lóistíochta do na Buan-Óglaigh agus do na hÓglaigh Chúltaca.

Naoi gCór Seirbhíse atá ag an Arm faoi láthair, gach ceann acu sannaithe, faoi seach, mar chór comhraic, tacaíochta nó tacaíochta seirbhíse comhraic:

  • An Cór Coisithe (Aonaid Chomhraic)
  • An Cór Airtléire (Aonaid Tacaíochta Comhraic)
  • An Cór Marcra (Aonaid Tacaíochta Comhraic)
  • An Cór SCE (Aonaid Tacaíochta Comhraic)
  • Cór na nInnealtóirí (Aonaid Tacaíochta Comhraic)
  • An Cór Ordanáis (Aonaid Tacaíochta Seirbhíse Comhraic)
  • An Cór Liachta (Aonaid Tacaíochta Seirbhíse Comhraic)
  • An Cór Iompair (Aonaid Tacaíochta Seirbhíse Comhraic)
  • Cór Póilíní an Airm (Aonaid Tacaíochta Seirbhíse Comhraic)

Naisc sheachtracha cuir in eagar