Baile Mhic Andáin
Baile Mhic Andáin | |
---|---|
Léarscáil | |
WGS-84 (Comhordanáidí GPS)
52.526667° N 7.137222° W Comhordanáidí Eangach Náisiúnta na hÉireann S583422 | |
Daonra (2006) | 1,837 |
Airde: | 49m |
Contae: | Contae Chill Chainnigh |
Cúige: | Laighin |
Baile i gContae Chill Chainnigh is ea Baile Mhic Andáin (Béarla: Thomastown). Baile margaidh bríomhar ar bhruach na Feoire atá ann, 11 míle ó chathair Chill Chainnigh. Tháinig an ainm ó fear a rinne a lán forbairt ar an mbaile sa triú chéad déag darbh ainm Thomas MacAndáin (FitzAnthony i mBearla ) . Baineadh úsáid as a chéad ainm sa leagan Bearla , agus as a sloinne sa leagan Gaeilge . Tugadh a lán talamh dó nuair a tháinig sé trasna o Cymru , mar cennaire le Stronbow agus na Normanaigh .
Timpeall dhá mhíle go leith tá ina gcónaí sa bhaile , agus le triocha bliain anuas tá cáil ar an ceantair mar bhaile céardaíochta . Tá scoil Céardaíochta Grennan ar imeall an bhaile . Grennan (Gríanán ) ab ea an sean ainm Gaelach ar an mbaile sular tháinig na Normanaigh . Tá roinnt caifí álainn sa bhaile , ina measc Gáirdín an Uisce (Watergarden ) atá suite i ngáirdín álainn . Fear áitiúl d'arbh ainm Bernard Walsh a rinne forbairt air sna seachtóidí agus na hochtóidí . Ar an mbealach isteach ó Phort Láirge feictear dealbh do iománaí cáiliúil darbh ainm Ollie Walsh . Bhí sé mar cúlbáire ar foireann Chill Chainnigh ar feadh na blianta , agus níos déanaí bhí sé mar bhainisteóir ar an bhfoireann.
Ar imeall an bhaile ar bhruach abhainn na Feoire feictear an sean caisleán Grennan . Ar bhruach na Feoire sa treo eile timpeall dhá míle ón mbaile tá ostán galánta agus cúrsa gailf Mount Juliet . Breathnaíonn sean Eaglais Naomh Muire go deas ag barr príomh Sráid an Mhargaidh . Dhá mhíle ó thuaidh den bhaile tá Gáirdíní agus Eas Kilfane suite ; gáirdíní a dhearadh níos mó na dhá chéad bliain o shin .
Ar ndóigh tá paróiste Mhic Andáin timpeall ar an mbaile , agus tá foirne iomána agus peile bunaithe ar an bparóiste . Chómh maith leis an priomh eaglais i mBaile Mhic Andáin , tá Cnoc an tSéipéil i ndeisceart , agus Muing in Oirthuaisceart an pharóiste .