Baile an tSaoir
Tá Baile an tSaoir (Béarla: Ballinteer) suite i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, cuid den limistéar riaracháin, Dún Laoghaire-Rath an Dúin. Thosaigh an-fhorbairt i mBaile an tSaoir sna 1960dí.
![]() | |||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||
| |||||||||
Suíomh | |||||||||
| |||||||||
|
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
StairCuir in Eagar
Ar dtús is cúpla eastáit tithíochta a bhí i mBaile an tSaoir taobh le Ascaill Bhaile an tSaoir (Ardán Ghort na Bealtaine, Gairdíní Bhaile an tSaoir agus Páirc Bhaile an tSaoir). Tógadh iad seo idir na 1920idí agus 1930idí agus glaotar Sean Baile an tSaoir orthu go háitiúil. Tógadh Eastát Ludford go déanaí sna 1960idí agus tógadh Céide Bhaile an tSaoir, Garrán Bhaile an tSaoir, Corrán Bhaile an tSaoir, Clós Bhaile an tSaoir. Glaoadh Eastát Lios an Daill ar na ceithre bóithre sin nuair a thógadh iad sna 1960idí agus 70idí. Tógadh an eastát fhairsing Áth Leathan i lár na 1970idí agus go luath sna 1980idí chomh maith leis an iar-eastát comhairle Radharc an Chnoic. Thosaigh obair ar an eastát is deireanaí, Ballintyre, i 2005 agus críochnaíodh é i lár 2008.
TíreolasCuir in Eagar
Tá Baile an tSaoir lonnaithe thar ar 10km (6 mhíle) ó lár na cathrach díreach trasna na tíre; tá Rath Fearnáin lonnaithe siar ó Bhaile an tSaoir, tá Áit an Ghainimh agus An Chéim soir ó Bhaile an tSaoir, tá Sléibhte Chill Mhantáin suite ó dheas agus Dún Droma ó thuaidh. Tá Baile an tSaoir ina luí díreach in aice leis an bpáirc 120 heictéar, Páirc Mharlaí.
ÁiseannaCuir in Eagar
Tá réimse ollmhór siopaí agus comhlachtaí i mBaile an tSaoir, tá ollmhargadh sách mór san lonnaithe ar Ascaill Bhaile an tSaoir. Tá oifig an phoist, péire siopa geallghlacadóra agus péire teach tábhairne. Cuile Lá Caille imríonn na dhá tithe tábhairne cluiche sacair i bPáirc Mharlaí. Is fearann páirce mór oscailte í Páirc Mharlaí, le ionad ceardaíochta gar don sean "teach mór", bíonn mór-ceolchoirmeacha sa pháirc gach bliain. Taobh amuigh de Pháirc Naomh Éanna, Páirc na Dothra agus Páirc na dTor, tá péire club gailf san áit.
IompairCuir in Eagar
Tá Baile an tSaoir seirbhísithe ag na mbusaí 14, 16, 75, 116 agus 161 agus tá stad Luas faoi fhad siúil. Bhíodh an bus 48A ag freastal ar an áit ach scoradh den tseirbhís.
Daoine Cáiliúla ón gCeantarCuir in Eagar
- Fianna Fáil TD. IarAire Stáit Éireann i Roinn an Taoisigh
- Tom Kitt agus a mhac David, ceoltóir Éireannach
- Imreoir peile idir-chontae CLG BHÁC Coman Goggins
- Imreoir peile idir-chontae CLG BHÁC Johnny McNally
- Imreoir peile idir-chontae CLG BHÁC Nicky Devereux
- Iar-imreoir sacair idirnáisiúnta Richard Sadlier
- Curaí Éireannach sa rith 400m, David Gillick
- Bhíodh cónaí ar Carly Hennessy Smithson ann sular bhog sí go Meiriceá
- Danny O'Donoghue, príomhamhránaí The Script
- Kevin Horan, méarchláraí The Thrills
- Nick Munier, Réalta teilfíse sa chócaireacht
- Martin King, comhfhreagraí aimsire ar theilfís náisiúnta
- Daniel O'Donnell, amhránaí tíre
- Jason Byrne, fear grinn
- David Malone, Oilimpiapach parailimpiach, duaisbhuaiteoir an bhoinn óir sa snámh
OideachasCuir in Eagar
BunoideachasCuir in Eagar
- Saint Attracta's.
- Our Lady's Boys School.
- Scoil Naithí.
IarbhunoideachasCuir in Eagar
- Ballinteer Community School.
- Wesley College