Bankie Banx
Is amhránaí reggae é Bankie Banx (rugadh Clement Ashley Banks, 1953, in Angaíle), ar a dtugtar an “Anguillan Bob Dylan”. Tá cónaí air in Angaíle fós, cé gur thaistil sé an domhan le linn a shaoil ceoil.[1]
(2008) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1953 70/71 bliana d'aois Angaíle, Ríocht Aontaithe |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceoltóir |
Tréimhse oibre | 1967 – |
Seánra | Reigé |
Teangacha | Béarla |
Suíomh gréasáin | bankiebanx.net |
Ag fás aníos in Angaíle, bhí Banx i ngrá le ceol an oileáin ach ní raibh aon uirlis aige. Bhí air a ghiotár féin a thógáil, rud a rinne sé ag aois a deich. Tá sé ráite aige “Chodail mé fiú leis ar mo bhrollach.” Agus é ina leanbh, bhíodh sé ag canadh ar scoil agus san eaglais freisin. Ag aois naoi mbliana déag, scríobh sé a amhrán is cáiliúla, Prince of Darkness, a thosaigh a ghairm bheatha mar cheoltóir.[2]
Chuir sé tús leis an bhféile cheoil a bhfuil an-tóir uirthi “Moonsplash” i 1991, a bhíonn ar siúl ag a shuíomh beár “Dune Preserve” in Angaíle gach bliain.[3]
Tagann ceol Bankie óna chroí, faoi thionchar go leor stíleanna — ceol an oileáin, ceol tíre, ceol tuaithe, The Beatles, Stevie Wonder, Jimi Hendrix, Jimmy Buffett, agus go leor eile. Deir sé, “Seinnim toisc gur gá dom. Glanann sé m'anam.”[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Bankie Banx". Vicipéid an Bhéarla. Dáta rochtana: 2024-03-29.
- ↑ 2.0 2.1 "27 Questions with Bankie Banx (Exclusive Look INSIDE Bankie's Villa)" (2019-06-11). Dáta rochtana: 2024-03-29.
- ↑ "Bankie Banx, King of the Dune. Moonsplash Dates Announced 2024". Dáta rochtana: 2024-03-29.