Jimi Hendrix
Ceoltóir Meiriceánach ab ea James Marshall "Jimi" Hendrix, (27 Samhain, 1942 - 18 Meán Fómhair, 1970). Giotáraí agus cumadóir a bhí ann, agus aithnítear mar dhuine de na giotáraithe leictreacha is mó tábhacht i stair an rac-cheoil. As Seattle dó, fuair sé bás i Londain, Shasana sa bhliain 1970.
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Jimi Hendrix (en) James Marshall Hendrix (en) Johnny Allen Hendrix |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (en) Johnny Allen Hendrix 27 Samhain 1942 Seattle (Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
Bás | 18 Meán Fómhair 1970 27 bliana d'aois Kensington, England |
Siocair bháis | Bás tionóisceach (Aisficse) |
Áit adhlactha | Greenwood Memorial Park (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | Jimmy James |
Grúpa eitneach | Meiriceánaigh Afracacha |
Reiligiún | Caitliceach neamhchleachtach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Fort Campbell (en) Ardscoil Garfield |
Airde | 70 in |
Lámhcheannas | Ciotógacht |
Gníomhaíocht | |
Gairm | giotáraí |
Tréimhse oibre | 1965 – 1970 |
Ball de | |
Seánra | Rac sícideileach, rac-cheol crua, acid rock (en) , gormrac agus electric blues (en) |
Faoi thionchar | |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Arm na Stát Aontaithe |
Cineál gutha | Baratón |
Uirlis | Giotár, casú, glocainspíl agus ceol gutha |
Lipéad ceoil | MCA Inc. Reprise Records |
Ghlac sé/sí páirt i | |
1970 | Féile Cheoil Inis Iocht 1970 |
15 Lúnasa 1969 | Féile Woodstock |
16 Meitheamh 1967 | Monterey International Pop Festival (en) |
Teaghlach | |
Páirtí | Devon Wilson (–luach anaithnid) Linda Keith (en) (–luach anaithnid) |
Athair | Al Hendrix agus Lucille Hendrix |
Siblín | Leon Hendrix |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | jimihendrix.com |
|
Saol
cuir in eagarAn t-ainm baiste a bhí air ná Johnny Allen Hendrix. Tháinig sé chun saoil i Seattle, Washington, mac le hAl Hendrix agus a bhean Lucille Jeter Hendrix.
Thugtaí Buster air mar leasainm agus é ina óige, in ómós do Buster Brown, cartún a bhí cáiliúil ag an am.
Sa bhliain 1946, d'athraigh a athair Al Hendrix a ainm go hoifigiúil go James Marshall Hendrix. Tar éis seo, bhíodh aithne ag daoine air mar Jimmy, nó James. Agus é ag seinm i mbannaí éagsúla, thosaigh sé ag tabhairt idir Maurice James agus Jimmy James air féin. Dhearbhaigh a bhainisteoir Chas Chandler níos déanaí gur iarr sé ar Hendrix an litriú a athrú go "Jimi", in áit "Jimmy", ach mhaígh Hendrix gurb é a smaoineamh féin.
Cáil
cuir in eagarSan Eoraip a bhain sé a chéad cháil amach, le tacaíocht óna bhanna The Jimi Hendrix Experience. Níorbh fhada go raibh a ainm in airde abhaile i Meiriceá chomh maith, tar éis a thaispeántais ag an Monterey Pop Festival sa bhliain 1967. Bhí sé ag barr an chláir ag na féilí Woodstock sa bhliain 1969 agus Isle of Wight sa bhliain 1970.
Laoch giotáir atá i Hendrix fós. Citeog a bhí ann, a bhí gafa go mór lena Fender Stratocaster. Bhain sé leas an-mhór as aischothú an ghiotáir, le cabhair go minic ó troitheán wah-wah.
Bás agus oidhreacht
cuir in eagarBhásaigh Hendrix ag árasán a bhanchara Monika Dannemann i Notting Hill, Londain go luath sa maidin ar an 18 Meán Fómhair, 1970. Thacht sé ar an aiseag féin tar éis dó an-iomarca piollairí suain agus alcól a thógáil.
Dioscliosta
cuir in eagarThe Jimi Hendrix Experience
cuir in eagar- Are You Experienced? (1967)
- Axis: Bold as Love (1968)
- Electric Ladyland (1969)
Albam beo
cuir in eagar- Band of Gypsies (1970)
Albam díolama
cuir in eagar- Smash Hits (1969)
- Electric Jimi Hendrix (1968)
Tagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |