Is abhcóide Angla-Éireannach í Blinne Nessa Áine Ní Ghrálaigh KC[1] (Abhcóide an Rí). Tá saineolas aici ar chearta an duine agus ar an dlí idirnáisiúnta.[2][3][4][5][6][7]

Infotaula de personaBlinne Ní Ghrálaigh
Beathaisnéis
Breith(en) Blinne Nessa Áine Ní Ghrálaigh
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síQueens' College (en) Aistrigh
Ollscoil Westminster
Ollscoil Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla

Tús a saoil agus oideachas cuir in eagar

Tógadh Ní Ghrálaigh i Londain i dteaghlach Éireannach;[8] Ba as Baile Átha Cliath a máthair agus as Maigh Eo a hathair.[9] Bhí suim aici sa dlí ó bhí sí óg.

Na Trioblóidí sa Tuaisceart a thug fuath di don éagóir, a dúirt Ní Ghrálaigh le Irish Legal News in 2022.[8] "Bhí mé 12 bliain d’aois nuair a d’aimsigh mé paimfléad faoi Majella O’Hare i gceann de chásanna leabhar mo mháthar. Chonaic mé an pictiúr den chailín óg, agus chonaic mé a haois, agus léigh mé ó chlúdach go clúdach é. ... Le deora, d’fhiafraigh sí dá máthair conas a d’fhéadfadh a leithéid tarlú, agus d’fhreagair a máthair: ‘Déan rud éigin faoi.’ Chuaigh a focail i bhfeidhm go mór orm. Agus choinnigh mé an leabhrán sin … mar mheabhrúchán ar an méid a thug anseo mé."[3]

Rinne sí staidéar ar an bhFraincis agus ar an Laidin i gColáiste na Banríona, Cambridge, agus bhain sí Baitsiléir Ealaíon (BA) sna Nuatheangacha agus i dTeangacha na Meánaoise amach.[10]

Tar éis di céim a bhaint amach, d’oibrigh Ní Ghrálaigh do mheitheal mhachnaimh i Meiriceá, d’eagraíocht neamhrialtasach, agus mar fheidhmeannach paraidhlíthiúil do ghnólacht i Londain a d'oibrigh i gcearta daonna. Tairgeadh post di mar bhreathnóir dlí ar Fhiosrú Dhomhnach na Fola,[11] rud a spreag í chun bogadh go Doire ar feadh bliana.[8] Chríochnaigh sí Dioplóma Iarchéime sa Dlí in Ollscoil Westminster agus Máistreacht sa Dlí (LLM) i Staidéar Idirnáisiúnta Dlí in Ollscoil Nua-Eabhrac. Rinne sí gairmchúrsa freisin i Scoil Dlí Óstaí na Cúirte, Baile Átha Cliath.[12]

Gairm cuir in eagar

Thosaigh Ní Ghrálaigh le Matrix Chambers i 2005, nuair a glaodh chun Barra Shasana agus na Breataine Bige í. Glaodh chun Barra Thuaisceart Éireann í i 2013 agus chun Barra na hÉireann i 2017.[13]

D’oibrigh Blinne Ní Ghrálaigh ar chásanna mór le rá:[2]

  • Fiosrúchán Saville faoi Dhomhnach na Fola (Doire, 1972) sna 2000idí
  • Operation Cast Lead: cuairt bhailithe eolais sa Bhruach Thiar agus in Gaza sa bhliain 2009[3]
  • Croatia v. Serbia (Coinbhinsiún um Chinedhíothú)[14]

An cás sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta inar chuir an Chróit cinedhíothú i leith na Seirbia.

  • Conradh na Gaeilge, 2021

In 2021 ghníomhaigh Ní Ghrálaigh ar bhonn pro bono ar son Chraobh Londan Chonradh na Gaeilge i gcás cáiliúil a bhain le cearta teanga. Sa chás sin, bhí cumann an Chonartha ag tacú le muintir Margaret Keane ar diúltaíodh cead dóibh ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe a máthar i reilig in Coventry.

  • Ceathrar Colston

Fuarthas neamhchiontach "Ceathrar Colston" as dochar coiriúil a dhéanamh nuair a leag siad dealbh den trádálaí sclábhaithe Edward Colston in Bristol, le linn agóide ‘Black Lives Matter’ i mí an Mheithimh 2020. (Bhuaigh Ní Ghrálaigh an gradam 'dlíodóir na míosa' in 2023 as a cuid oibre ar son ‘Ceathrar Colston’).[8]

Tá Blinne Ní Ghrálaigh ar dhuine de bheirt abhcóidí seachtracha atá ag lucht dlí na hAfraice Theas atá ag líomhain go bhfuil cinedhíothú in aghaidh mhuintir na Palaistíne ar bun ag Iosrael in Gaza.[2]

Pearsanta cuir in eagar

Tá Ní Ghrálaigh pósta le David Perry, KC chomh maith, agus tá beirt chlainne orthu.[15]

Leabharliosta cuir in eagar

  • "Human Rights, International Justice and the Rule of Law" i Globalisation – A Liberal Response, Blinne Ní Ghrálaigh le Philippe Sands.
  • "Towards an International Rule of Law?" i Tom Bingham and the Transformation of the Law: A Liber Amicorum (2009), le Philippe Sands.
  • "Civilian Protections and the Arms Trade Treaty" i The Grey Zone (2018).

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "King's Counsel" (as en) (2024-01-17). Wikipedia. 
  2. 2.0 2.1 2.2 "Dlíodóir a sheas ar son chearta teanga na nGael ag cur comhairle ar fhoireann dlí na hAfraice Theas san Háig" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-01-12). Dáta rochtana: 2024-01-28.
  3. 3.0 3.1 3.2 extrag.ie (2024-01-11). "Dlíodóir Éireannach ag cúiseamh Iosrael as genocide i gcúirt" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-01-28.
  4. "Human rights barrister representing Palestinian cause has Mayo roots" (en-US). Connaught Telegraph (2024-01-15). Dáta rochtana: 2024-01-28.
  5. "Blinne Ní Ghrálaigh: from Mayo to French boarding school - the Irish barrister’s path to ICJ" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-01-28.
  6. David Kent (2024-01-12). "Who is the Irish lawyer representing at the ICJ? All about Blinne Ní Ghrálaigh" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2024-01-28.
  7. "Blinne Ní Ghrálaigh KC" (en-GB). Matrix Chambers. Dáta rochtana: 2024-01-28.
  8. 8.0 8.1 8.2 8.3 Gallagher, Rosemary (7 Feabhra 2022). "Lawyer of the Month: Blinne Ní Ghrálaigh". Irish Legal News.
  9. Rogers, Mal (14 Eanáir 2022). "Irish barrister gets acquittal for client in Colston 4 verdict". The Irish Post. 
  10. O'Shea, Kerry (4 Eanáir 2024). "Irish lawyer part of South Africa's legal team bringing genocide charges against Israel". Irish Central. 
  11. "Bloody Sunday Inquiry" (as en) (2023-11-07). Wikipedia. 
  12. Blinne Ní Ghrálaigh KC > Matrix Chambers > London, England”. Legal 500. Dáta rochtana: 12 Eanáir 2024.
  13. Blinne Ní Ghrálaigh KC”. Matrix Chambers. Dáta rochtana: 12 Eanáir 2024.
  14. "Croatia–Serbia genocide case" (as en) (2024-01-26). Wikipedia. 
  15. "Blinne Ní Ghrálaigh (Lawyer) Wiki" (2021-08-03). Dáta rochtana: 2024-02-04.
  16. "Irish lawyer's stunning speech at The Hague accusing Israel of genocide in Gaza" (as en) .