File, trouvère agus uasal de thuaisceart na Fraince a mhair idir 1175 agus 1210 ab ea Blondel de Nesle. Do chum Blondel de Nesle ceithre amhrán chúirtéiseacha is ceithre fichid.

Infotaula de personaBlondel de Nesle

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1155
Nesle Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 haois
Teanga dhúchaisSean-Fhraincis
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, cumadóir, file, Trouvère Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaSean-Fhraincis
UirlisCeol gutha

Musicbrainz: d76b7ee6-5f5c-400d-8296-b147ec675849 Discogs: 1678878 Allmusic: mn0002167420 Cuir in eagar ar Wikidata

D'fhás cairdeas idir Blondel de Nesle agus Risteard I Shasana, ar a dtugtar Risteard Leonchroí, agus d'éirigh sé ina chara rúin ag Risteard I; nuair a bhí Risteard Leonchroí ar fiannas, do bhí Blondel de Nesle ina theannta.

Dúradh gur phatrún dílseachta ab ea Blondel de Nesle : Nuair a dhein Leopold V, diúc na hOstaire, príosúnach de Risteard I, mar shampla, is cosúil gur chuaigh Blondel ar aistear fada agus é ag cíoradh na tíre ar lorg a chara. Dar leis na scéalta a deirtí faoi, tar éis dó an áit ina raibh Risteard a aimsiú, do chan Blondel de Nesle ceann desna hamhráin a chum seisean agus an rí le chéile agus is mar san a chuir sé é féin in aithne do Risteard.