Is í Fís Éireann (nó Bord Scannán na hÉireann roimh 2018), gníomhaireacht stáit Phoblacht na hÉireann don tionscal scannánaíochta, teilifíse agus beochana in Éirinn. Tugann sé tacaíocht airgid chun scannáin faisnéise, gearrscannáin, sraitheanna beochana teilifíse agus sraitheanna drámaíochta teilifíse a fhorbairt, a tháirgeadh agus a dháileadh.

Bosca Sonraí EagraíochtaFís Éireann
(ga) Bord Scannán na hÉireann
(ga) Fís Éireann
(en) Irish Film Board
(en) Screen Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineáleagraíocht
eagraíocht scannán Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1980
Gníomhaíocht
Ball deEuropean Film Promotion Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinscreenireland.ie Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: co0091878 Facebook: ScreenIreland Twitter: ScreenIreland Instagram: screenireland LinkedIn: fis-eireann-screen-ireland Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Bhí Bord Scannán na hÉireann (Béarla: Irish Film Board) i mbun oibre ó 1980 go 1987. Le linn na tréimhse sin, léirigh nó comhléirigh an Bord Eat the Peach, Anne Devlin, The Outcasts (1982), agus Angel. Tar éis gur dúnadh é, d'éirigh go breá le roinnt scannán Éireannach a fuair maoiniú seachtrach, mar shampla My Left Foot, The Crying Game agus The Commitments, rud a spreag brústocairí áitiúla chun athbhunú an bhoird a éileamh. Sa bhliain 1993, d’athbhunaigh an tAire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, Mícheál D. Ó hUigínn, an bord faoi chathaoirleacht Lelia Doolan.

Ar 10 Aibreán 2018, ag preasagallamh le haghaidh foilseacháin “Infheistíocht inár gCultúr, inár dTeanga, & inár nOidhreacht 2018–2027” (mar chuid de Thionscadal Éireann 2040), d'fhógair An tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, go dtabharfaí Fís Éireann (Béarla: Screen Ireland) ar an ngníomhaireacht ón 18 Meitheamh 2018 ar aghaidh. Ba í an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys, a d'fhógair an cinneadh chomh fada siar le 2015.[1]

Liosta scannán roghnaithe cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar