Bréanainn

ceantar i gContae Chiarraí ina bhfuil an sráidbhaile Cé Bhréanainn

Ceantar sa Leith-Triúch is ea Bréanainn i gCiarraí, ar an taobh ó thuaidh de Chnoc Bréanainn. Is ann a tógadh an file Mícheál Ó Ruairc. Is é Naomh Breandán patrún na háite. I measc na mbailte atá ann tá Cé Bhréanainn, Baile Uí Dhuinn, Tír, An Sliabh Glas. 'Srón Bhroin' a thugtar ar an cheann tíre os cionn an chuain. Dia págánach ba ea Bran agus is dócha gur ainmníodh an Sliabh agus an ceantar in ómós dó roimh ré na Críostaíochta. Bhíodh dealbh cloiche de dhia págánach eile, Crom Dubh, sa cheantar ach goideadh é tamall de bhlianta ó shin.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBréanainn

Suíomh
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chiarraí Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar