Bram Moolenaar

forbróir bogearraí Ollannach

Ríomhchláraitheoir Ollannach ab ea Bram Moolenaar a rugadh i 1961 i Lisse na hÍsiltíre agus a fuair bás ar 3 Lúnasa 2023.[1] Ba é an chéad údar agus príomhfhorbróir Vim,[2] eagarthóir téacs bunaithe ar an seaneagarthóir “vi” ar chórais Unix a bhfuil an-tóir air i measc ríomhchláraitheoirí. Bhí sé ina fhostaí de chuid Google ó 2006 go 2021, ag obair san oifig in Zürich.[3] Bhí sé in ann cuid mhaith ama a chaitheamh ag obair ar Vim sa ról sin.[4]

Infotaula de personaBram Moolenaar

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1961
Lisse, An Ísiltír Cuir in eagar ar Wikidata
Bás3 Lúnasa 2023
61/62 bliana d'aois
Siocair bháisBás nádúrtha
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Teicneolaíochta Delft - Innealtóireacht leictreach (–1985) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ollainnis
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Zürich Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmríomhchláraitheoir, innealtóir leictreach Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirGoogle (2006–2021)
Océ (1985–1999) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ollainnis, Béarla agus an Ghearmáinis
Saothar
Saothar suntasach
Síniú

Suíomh gréasáinmoolenaar.net Cuir in eagar ar Wikidata
LinkedIn: bram-moolenaar-56b5a55 Cuir in eagar ar Wikidata

Obair charthanachta cuir in eagar

Bhunaigh Moolenaar cumann carthanachta darb ainm ICCF Holland (International Child Care Fund) a chabhraíonn le dílleachtaí in Kibaale, baile beag i ndeisceart Uganda. Is “bogearra carthanachta” é Vim; is é sin le rá go bhfuil sé ar fáil saor in aisce, ach impíonn sé ar an úsáideoir síntiús deonach a thabhairt do ICCF ar an splancscáileán.[5] Úsáideann roinnt feidhmchlár eile ceadúnas den sórt seo anois.[6]

Bhí Moolenaar ina bhall den ghrúpa úsáideoirí Unix san Ísiltír, NLUUG, a bhronn gradam air [7] in 2008 as Vim a chruthú agus as an méid oibre a bhí déanta aige ar son bogearraí foinse oscailte go ginearálta.

Vim cuir in eagar

Thosaigh an t-eagarthóir Vim mar “Vi IMitation” ar an Amiga i 1988, ach rinneadh athbhrandáil air mar “Vi IMproved” [8] níos déanaí, agus cuireadh ar fáil ar go leor ardán eile é freisin. Toisc go raibh an-tóir ar vi i measc ríomhchláraitheoirí agus riarthóirí córais, bhí amhras ann ar dtús an bhféadfadh an leagan ‘feabhsaithe’ a chruthaigh Moolenaar cáilíocht agus lucht leanúna an bhunleagan a bhaint amach. Ach ó eisíodh an chéad leagan ar chórais Unix i 1992, tá Vim tar éis vi a shárú go huile is go hiomlán, agus tá sé ar cheann de na heagarthóirí téacs is mó a bhfuil tóir air.[9][10][11] Tá Vim ar fáil i nGaeilge freisin.[12]

Tagairtí cuir in eagar

  1. https://groups.google.com/g/vim_announce/c/tWahca9zkt4
  2. Rehman (2003). "The Linux development platform: configuring, using, and maintaining a complete programming environment": 37–. Prentice Hall PTR. ISBN 978-0-13-009115-4. Dáta rochtana: 30 Márta 2011. 
  3. Archived at Ghostarchive and the Wayback Machine: Moolenaar. “Vim 25 presentation on 2016 November 2”. youtube.com. Dáta rochtana: 18 Aibreán 2020.
  4. Yahoo! Groups” (en-US). groups.yahoo.com. Dáta rochtana: 2018-03-31.
  5. Moolenaar. “The Vim license, provided in the Vim reference manual.”. vimdoc.sourceforge.net. Dáta rochtana: 2018-03-31.
  6. charityware . info | for developers and users who care” (en). charityware.info. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Aibreán 2009. Dáta rochtana: 2018-03-31.
  7. "NLUUG award".
  8. The continuing story of Vim”. Moolenaar.net. Dáta rochtana: 2012-11-13.
  9. Jacob Gube. “The 15 Most Popular Text Editors for Developers”. Sixrevisions.com. Dáta rochtana: 2012-02-10.
  10. 14 Most Popular Text Editors for Linux | TuxArena Blog”. Tuxarena.blogspot.com. Dáta rochtana: 2012-02-10.
  11. Best Text Editors”. Lifehacker.com (2008-05-01). Dáta rochtana: 2012-02-10.
  12. "vim/src/po/ga.po at master".