Uí Chinnsealaigh de rítheaghlach Shíol Maoluíre ba ea Bran ua Maoil Dúin (Bran ua Máele Dúin, nó Bran mac Dúnchada) (bás 712). Ní fios cathain a tháinig Bran i gcoróin, ach tugtar réimeas trí bliana dó sa Leabhar Laighneach, a dtabharfadh le fios go raibh sé i réim ón mbliain 709 go dtí a bhás sa bhliain 712.

Infotaula de personaBran ua Máele Dúin
Beathaisnéis
Bás712
Teaghlach
PáisteCennselach mac Brain Cuir in eagar ar Wikidata

Eoghan Caoch mac Nath Í ba ea a shinsear deireanach, chuig ghlúin roimh ré, a bhí sa 6ú haois ina rí Uí Chinnsealaigh. Maol Idir mac Guaire, bunaitheoir na clainne, ba ea a shin-seanathair. Forannán mac Maoil Uidhre ba ea an rí deireanach dá mhuintir sa séú haois.[1]

Insítear i nAnnála Uladh don bhliain 709 gur throid Uí Chinnsealaigh Cath Selg i bhFortuatha Laighean (taobh thoir de Shléibhte Cill Mhantáin) in aghaidh Cheallaigh Cualann, rí Laigean Uí Máil. Maraíodh sa chath beirt mhac Cheallaigh.[2] Ní dhéanann Annála Tiarnaigh trácht ar chéilí comhraic Cheallaigh, ach deirtear ann go raibh amhais Shasanacha aige.[3] Is dócha go raibh Uí Chinnsealaigh ina n-ionsaitheoir, agus go raibh sáinn sa chath i ndáiríre, in ainneoin mírath Cheallaigh.[4]

Tharla cath cathartha ansin ann i measc Uí Chinnsealaigh, agus maraíodh Bran, i dteannta le mic dó, i mbun catha sa bhliain 712.[5][6] Glaoitear Cath Áth Buichet ar an gcath sa Leabhar Laighneach. Tháinig slán mac amháin Brain, Cinnsealach mac Brain (bás 770), a ndearnadh rí Uí Chinnsealaigh de níos deireanaí.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Mac Niocaill, lch. 83, fig. 12; lch. 128, fig. 22 don ghinealach
  2. Annála Uladh, AU 709.2
  3. Annála Tiarnaigh, AT 709.2
  4. Mac Niocaill, lch. 112
  5. AU 712.9
  6. AT 712.6