Cinnsealach mac Brain

Rí Uí Chinnsealaigh
(Athsheolta ó Cennselach mac Brain)

Uí Chinnsealaigh na Laigean ba ea Cinnsealach mac Brain (Sean-Ghaeilge Cinnselach mac Brain (bás 770). Ba bhall de Shíol Maoluír é. Bran ó Maoil Dúin (died 712), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i gcoróin ón mbliain 769 go dtí 770.

Infotaula de personaCinnsealach mac Brain
Beathaisnéis
Bás770
Teaghlach
AthairBran ua Máele Dúin

Bhí achrann i measc Uí Chinnsealaigh le linn na tréimhse seo. Sa bhliain 769, chloígh Cinnsealach a réamhtheachtaí Dub Calgaid mac Laidcnén, a maraíodh, ag Cath Fhearna.[2][3] Ní raibh duine de Shíol Maoluír i gcoróin ón mbliain 727. Cloíodh agus maraíodh Cinnsealach féin i mbun catha sa bhliain 770 ag a chomharba, Eidirscéal mac Aodha (bás 778).[4][5][6]

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Gearoid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Mac Niocaill, lch. 128, fig. 22
  2. Annála Uladh, AU 769.2
  3. Mac Niocaill, lch. 130
  4. AU 770.7
  5. Mac Niocaill, lch. 130
  6. Byrne, lch. 157