Bran mac Máel Mórda
Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Bran mac Maoil Mórdha (Sean-Ghaeilge Bran mac Máel Mórda (bás 1052 ag Cologne). Ba bhall de chlann Uí Fhaoláin é, Maol Mórdha mac Murchadha ba ea a athair.[1]. Bhí sé i gcoróin ón mbliain 1016 go dtí 1018.
Bran mac Máel Mórda | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | 10ú haois |
Bás | 1052 |
Muintir | |
Athair | Máel Mórda mac Murchada |
Gairm |
Tháinig Bran i gcomharbacht ar Dhonnchuan mac Dúnlainge Uí Mhuireadhaigh, tar éis dó a mharú ag Donnchad mac Gilla Pátraic, rí Osraí.[2] Ní raibh sé i réim ach le dhá bhliain, dar leis an Leabhar Laighneach. Sa bhliain 1018, gabhadh é i luíochán agus dalladh é ag a chol ceathrar, Sigtryggr Silkiskegg.[3] I ndiaidh seo, glac clann Uí Muireadhaigh go cinnte ceannas na ríogachta sa Laigean trí bhíthin Aughaire mhic Dhúnlainge. Chuaigh Bran ar an iargúil chuig mainistir i gCologne, áit a fuair sé bás sa bhliain 1052.[4].
FoinsíCuir in Eagar
- Leabhar Laighneach, Rig Laigin
- "A New History of Ireland IX Maps, Genealogies, Lists" (2011): 134 & 200 Kings of Leinster to 1171.
- Byrne, Francis John (2001). "Irish Kings and High-Kings".
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Moody, et al., A New History of Ireland, ll. 134 & 200
- ↑ Annála Uladh, AU 1016.6
- ↑ AU 1018.2
- ↑ AU 1052.3.