Augaire mac Dúnlainge

rí na Laigean

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Augaire mac Dúnlainge (Meán-Ghaeilge Úgaire mac Dúnlainge) (bás 1024). Ba bhall de chlann Uí Mhuireadhaigh. Bhí sé i gcoróin ón mbliain 1018 go dtí 1024.[1]

Infotaula de personaAugaire mac Dúnlainge
Beathaisnéis
Bás1024 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
TeaghlachUí Mhuireadhaigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDúnlaing mac Tuathail
SiblínDonnchuan mac Dúnlainge, Donnchadh mac Dúnlainge agus Murchadh mac Dúnlainge

Dúnlaing mac Túathail ba ea a athair, a dhara mac. Tháinig sé i gcomharbacht ar Bhran mac Maoil Mhórdha Uí Fhaoláin, tar éis dó siúd a bheith dallta agus curtha as. Tugtar réimeas seacht mbliana do sa Leabhar Laighneach. Sa bhliain 1024, bhí cónaí air i nDubhloch i dteannta le Maoil Mórdha mac Lorcáin, rí Uí Chinnsealaigh, agus mac leis siúd. Rinne Donn Sléibhe mac Maoil Mórdha, rí a gclann comhraic Uí Fhaoláin, ionsaí orthu, chuir sé an baile trí thine agus d'éag siad uile. Maraíodh Donn Sléibhe in éiric ag fir Uí Muireadhaigh.[2][3][4] Tháinig a dheartháir, Donnchadh, i gcomharbacht ar Aughaire.[5]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Annála Uladh
  • Leabhar Laighneach, Rig Laigin
  • "A New History of Ireland IX Maps, Genealogies, Lists" (2011): 134 & 200 Kings of Leinster to 1171. 
  • Byrne, Francis John (2001), Four Courts Press (ed.), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath, ISBN 978-1-85182-196-9{{citation}}: CS1 maint: location missing publisher (link)

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Irish Kings and High-Kings, lch. 289, Tábla 9
  2. Annála Uladh, AU 1024.1
  3. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1024.3
  4. Annála Inis Faithlinn, AI 1024.2
  5. Moody, et al., A New History of Ireland, ll. 134 & 200