Oifigeach san arm Briotanach ba ea Leifteanaint Harry "Breaker" Morant (9 Nollaig 186427 Feabhra 1902).

Infotaula de personaBreaker Morant

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en-gb) Edwin Henry Murrant
9 Nollaig 1864
Sasana, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Feabhra 1902
37 bliana d'aois
Pretoria Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPionós an bháis (Tráma balaistíoch)
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Gairm mhíleata
GéillsineImpireacht na Breataine
Céim mhíleataleifteanant Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtDara Cogadh na mBórach
Eile
Ciontaíodh icoir chogaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
breith iarbháis Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 15615763 Cuir in eagar ar Wikidata

Cuireadh é chun báis le scuad lámhaigh tar éis d'armchúirt é a chiontú i bpríosúnaigh a dhúnmharú le linn Dara Cogadh na mBórach (cuireadh a comrádaí, Peter Handcock, chun báis chomh maith). D'admhaigh Morant gur dhúnmharfóir é agus ní raibh éinne in amhras gur mharaigh Morant daoine gan chosaint, idir phríosúnaigh agus sibhialtaigh, le tréan díoltais.[1]

1902ː Major James Francis Thomas, abhcóide na gcosantóirí, roimh uaigh Morant agus Handcock

É sin ráite, tá an cás conspóideach fós. sa chéad dul síos, bhí sáruithe nósanna imeachta ann sna trialacha. Níos tábhachtaí, meastar go ndearnadh ceap milleáin de, mar gheall ar pholasaí a tháinig ó leibhéal ní b'airde a chur i bhfeidhm.

Mhaígh Morant agus Handcock gur

  • chóir pardún a thabhairt (condonation)[2] ar an mbonn gur comhlíonadh dualgas onóra nó iontaobhais tar éis eolais maidir le cion a rinne an saighdiúir (leithscéal leagtha síos ag Diúc Wellington)
  • fuarthas ordú ó oifigeach a bhí os cionn an chiontóra.[3] Ach shocraigh an armchúirt sa chás seo (trí fhorcheilt, mar a bhítear á mhaíomh) nár tugadh aon ordú dá leithéid sin.

Cúisíodh beirt eile, An Mhaoir Robert Lenehan (Roibeard Uí Léanacháin) agus An Chaptaein Alfred Taylor (a rugadh i mBaile Átha Cliath). Bhí na hionchúisitheoirí míleata ag díriú go príomha orthu, mar na tionscnóirí a bhí taobh thiar de na cionta. Ach níor thoiligh Morant nó Handcock tiontú i d'fhinné ar son an Rí in aghaidh Lenehan agus Taylor agus fuarthas iad araon neamhchiontach.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Breaker Morant". Dáta rochtana: 2022.
  2. "Condonation" (as en) (2022-08-11). Wikipedia. 
  3. "'Superior orders̊' nó the 'Nuremburg defense'" (as en) (2023-02-25). Wikipedia.