Breithiúnas
Dráma le Máiréad Ní Ghráda is ea Breithiúnas, ar cheann de mhórdhrámaí na Gaeilge,[1] agus atá ar churaclam an GCE.[2] Léiríodh an dráma den chéad uair ar 5 Feabhra 1968 ar stáitse na Péacóige agus Peadar Lamb sa phríomhpháirt, Marcas de Grás.[3]
Cineál | saothar liteartha |
---|---|
Údar | Máiréad Ní Ghráda |
Teanga | an Ghaeilge |
Dáta foilsithe | 1968 |
Polaiteoir an phríomhphearsa sa dráma, fear a chuaigh chun cinn ó aimsir Chogadh na Saoirse. D’fhéadfaí a rá gur teachtaireachtaí sách duairc atá ag an dráma: go maireann an dochar a dhéanann daoine ina ndiaidh agus go ndeachaigh leithéidí Mharcais chun cinn ar chostas na mban go háirithe. Ach sa deireadh fágann Máiréad Ní Ghráda faoin lucht féachana breithiúnas a thabhairt ar an bhfianaise atá curtha os a gcomhair.[4]
Cúlra
cuir in eagarDon Damer agus don léiritheoir Tomás Mac Anna a scríobhadh Breithiúnas. Ach ó tharla go raibh Mac Anna ag obair um an dtaca sin le hAmharclann na Mainistreach, is faoi scáth na Mainistreach a léiríodh é, in Amharclann na Péacóige sa bhliain 1968.
Tagann an bhéim seo ar chomhlíonadh ghnásanna inscne na sochaí chun cinn sa ghearrscéal ‘An tOifigeach’ de chuid Ní Ghráda, a d’fhéadfaí a léamh mar réamhtheachtaí ar an dráma Breithiúnas.
Plota
cuir in eagarAn polaiteoir Marcas de Grás, a shaol agus a chamshaothar, ábhar an dráma, polaiteoir a bhí ar mhuin na muice. Is i ndiaidh a bháis a chuirtear a scéal i láthair ach ní hionann sin is a rá nach nglacann sé féin lánpháirt ann. Baintear leas as iardhearcadh agus cuntais reatha a chlainne agus a chomhghleacaithe chun é a chur os ár gcomhair ina steillbheatha.
D’éirigh le Marcas de Grás sa pholaitíocht trí úsáid a bhaint as go leor cleasa agus go leor daoine. Thréig sé bean eile a bhí i ngrá agus geallta leis agus phós sé bean ó theaghlach polaitíochta. Tháinig Marcas i dtír ar dhílseacht agus ar obair a rúnaí Síle, a chúntóir Alabhaois agus a lucht leanúna.
Duine sotalach, uaibhreach atá ann sa chéad ghníomh. Ach de réir mar a nochtar tuilleadh rún ina shaol sa dara gníomh, athraíonn sé. Léirítear dó an dochar a rinne sé timpeall air ar feadh a shaoil. Nochtar an bhréag a raibh a shaol polaitiúil ar fad bunaithe uirthi ag deireadh an dráma, eachtra ón gcogadh. Faigheann sé faoiseamh agus tá dóchas aige go maithfear dó.
Na carachtair
cuir in eagarMarcas de Grás
Is iomaí ról a imríonn Marcas de Grás sa dráma. Feiceann muid na gnéithe éagsúla dá phearsantacht, é mar athair, mar mhac, mar chéile agus mar pholaiteoir. Is mór idir Marcas de Grás poiblí agus Marcas de Grás príobháideach. Bhí saol Mharcais bunaithe ar bhréag agus rinne sé iarracht i rith a shaoil an bhréag sin a choinneáil faoi rún. Ag an am céanna, léirítear Marcas de Grás mar charachtar mídhílis, féin lárnach, agus fuarchroíoch.[5] (An íomhá a chruthaítear agus an dóigh a mbriseann an fhírinne amach roimh dheireadh an dráma. An laoch náisiúnta, an fear spóirt, an dea-Chaitliceach, cara na cosmhuintire srl).[6]
Alabhaois
Pearsa thábhachtach é Alabhaois mar ba é a chuir Marcas ar bhóthar na polaitíochta. Duine soiniciúil é, mar a léirítear sa radharc ina léann sé litreacha ó dhaoine ag lorg cúnamh ó Mharcas. Is trí Alabhaois a léirítear fimíneacht na polaitíochta.
Síle
Duine idéalach í Síle, a chaith a saol ar son Mharcais gan súil le buíochas. Fágtar ina haonar í, neamhphósta sa deireadh.
Nóra
Ní phósann iníon Mharcais, Nóra, mar gheall ar an chumhacht a bhí ag a hathair uirthi. Is ina theaghlach féin is mó a léirítear an dochar a rinne an saghas saoil a chaith Marcas de Grás. Ní furasta maireachtáil le Fear Mór, atá ag iarraidh saol a chuid páistí a smachtú agus a stiúradh, agus a chlú féin a chur chun cinn, rud a ghlacann tús áite ar leas na bpáistí féin.
Eilís
Tuigeann a bhean chéile Eilís bréagadóireacht Mharcais, ach ligeann sí uirthi go deireadh nach bhfeiceann sí í. Deir sí gurb é ‘buaic na clisteachta do bhean gan a ligean uirthi go bhfuil sí cliste in aon chor’. Ráiteas é seo a thugann le fios go bhfuil mná faoi smacht agus ar bheagán cumhachta.
Seán agus Gearóid
Maidir le beirt mhac Mharcais, téann Seán le dúchas a athar agus iompaíonn Gearóid ina choinne. Is ag freastal ar dhaoine, mar dhea, a bhí Marcas agus é ag bailiú vótaí. Ach chuaigh Gearóid chun na hAfraice le freastal ar dhaoine i ndáiríre trí obair mhisinéireachta.[4] Séanann Marcas de Grás saorthoil na bpáistí agus tá coimhlint ann mar thoradh.[7]
Mná gan ainm
Baineann Máiréad Ní Ghráda úsáid as mná gan ainm le tráchtaireacht a dhéanamh ar théamaí an dráma.
‘An Fear Eile’
Tá ‘An Fear Eile’, alter ego Mharcais, b’fhéidir, mar a bheadh fear faoistine nó teiripe, ag tarraingt na fírinne as Marcas tríd síos. Ach cé hé “An Fear Eile” i ndáiríre, ... an carachtar a thugann siar ar chamchuairt a shaoil féin é? A choinsias? A anam?
Téamaí
cuir in eagarStádas na mban
Bhí Máiréad Ní Ghráda tar éis léirmheas láidir a dhéanamh ar stádas na mban i ndráma eile, An Triail (1964).
Baineann Marcas de Grás cumhacht amach dó féin ar chostas pearsanta na mban timpeall air. B'fhéidir toisc gur bhanscríbhneoir í Máiréad Ní Ghráda go bhfuil an oiread sin tábhachta leis an idirdhealú idir an saol poiblí (fireann) agus an saol príobháideach (baineann) sa dráma.
Dearcadh cúlaigeanta i leith na polaitíochta
Polaiteoir ar lorg vótaí. Óráidíocht bhréagach. Freastal ar ócáidí poiblí. Comhfhreagras le heagraíochtaí éagsúla. Tadhg an Dá Thaobhachas.[6]
Stíl
cuir in eagarIs é an stíl drámaíochta a chleacht Máiréad Ní Ghráda ná scéal na bpearsana a bhriseadh suas ina mhíreanna, mar a dhéanann an teilifís go minic. Tarlaíonn radhairc in áiteanna éagsúla ionas gur féidir réimse leathan de shaol an duine agus den tsochaí a chur ar an stáitse. Mar thoradh air seo taispeánann an phearsa tréithe éagsúla de réir an tsuímh ina bhfuil sé/sí.[4]
Déanann an drámadóir úsáid as cealú an díchreidimh (an marbhán ag teacht ar ais chun an tsaoil le hathbhreithniú iomlán a dhéanamh ar a shaol) agus an t-iardhearcadh (an aimsir chaite agus an aimsir láithreach ag tarlú taobh le taobh). Faoi dheireadh is é an lucht féachana a thugann 'Breithiúnas' ar an phríomhcharachtar.[6]
Máiréad Ní Ghráda
cuir in eagarBhí taithí ag an údar ar an bpolaitíocht áitiúil mar ba chomhairleoir contae agus náisiúnaí a hathair féin, Séamus Ó Gráda as Contae an Chláir. Bhí aithne aici ar go leor daoine a bhí páirteach sa ghluaiseacht náisiúnach, mar a bhí sí féin, sna blianta idir 1916 agus 1923. D’oibrigh Máiréad Ní Ghráda sa pholaitíocht sna 19020idí ar feadh tamall gearr ach d’éirigh as.[4]
Féach freisin
cuir in eagarAcmhainní agus foinsí
cuir in eagar- An téacs iomlán anseo
- Ní Bhrádaigh, Siobhán, Máiréad Ní Ghráda Ceannródaí Drámaíochta, Cló Iar-Chonnacht, 1996.
- Ó Siadhail, Pádraig, Stair Dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, Cló Iar-Chonnacht, 1993.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Litríocht.com. "Breithiúnas" (ga-IE). Dáta rochtana: 2022-12-03.
- ↑ rewardinglearning.org.uk/ (2013). "CCEA Draft GCE Specification in Irish". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-12-03. Dáta rochtana: 2022.
- ↑ irishplayography.com (5 Feabhra 1968). "Breithiúnas". www.irishplayography.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-01-02. Dáta rochtana: 2023-01-02.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 Éamon Ó Ciosáin. "Réamhrá". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ ccea.org.uk (2012). "GCE A2 - Exemplifying Examination Performanceː Irish". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-05-18. Dáta rochtana: 2022.
- ↑ 6.0 6.1 6.2 ccea.org.uk. "Breithiúnas". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-12-03. Dáta rochtana: 2022.
- ↑ "GCE AS & A2 Level". Docslib. Dáta rochtana: 2022-12-03.