Amharclann an Damer

Amharclann Ghaeilge ab ea An Damer a bhí suite sa Halla Damer, ar Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath.[1][2][3] Ba é Gael Linn a thionscnaigh Amharclann an Damer agus a stiúir é ó 1955 go dtí 1976.Tháinig complacht proifisiúnta isteach ansin, níor dúnadh an amharclann sa bhliain 1981.[4][5]

An halla
aisteoirí

Le linn an ama sin, bhí An Damer ina chuid lárnach de shaol sóisialta phobal na Gaeilge san ardchathair. Chothaigh sé lucht leanúna dílis don amharclannaíocht Ghaeilge trí mheán An Chlub Drámaíochta. Toisc ionad leanúnach a bheith ar fáil, spreag An Damer borradh sa drámaíocht amaitéarach. D'fheidhmigh an Damer mar lárionad don drámaíocht amaitéarach agus chothaigh sé na caighdeáin b’airde maidir le gach gné den ealaín. Thar aon rud eile, de bharr an dá eilimint sin a bheith ann, spreagadh scríbhneoirí chun drámaí nua a scríobh.

Ba é Gael Linn a thionscnaigh Amharclann an Damer

StairCuir in Eagar

I leabhar An Damer: Stair Amharclainne (Gael Linn, 2008) insíonn Máiréad Ní Chinnéide stair an Damer mar thionscadal, na daoine a bhí taobh thiar de agus an tsíor-streachailt airgeadais a bhain lena reáchtáil.

Ba sa bhliain 1955 bunaíodh Amharclann Gaeilge an Damer faoi chúram Ghael Linn, eagras a bunaíodh i mBealtaine 1953.[6] Cé nárbh é priomhaidhm an eagrais seo amharclann Gaeilge a bhunú, thuig siad cé chomh tábhachtach is a bhí Amharclann fá choinne drámaí Gaeilge amháin chun an ealáin dhúchasach / seo a chaomhnú sa chathair. Ó comhdhlúthaíodh an Comhar Drámaíochta le Amharclann na Mainistreach i 1942, bhi léiriú drámai Gaeilge faoi chúram na Mainistreach.

An aisling a bhí ag Gael Linn ná go mbeadh An Damer ina hamharclann phroifisiúnta. Ina leabhar siúd, déanann Ni Chinnéide cur síos ar na hiarrachtaí a rinneadh agus ar an toradh a bhí orthu.

Osclaíodh an Damer go hoifigiúil ar an 14 Samhain 1955 le léiriú ó Aisteoirí Chéitinn, Baile Atha. Cliath, faoi stiúir Mháirtín Uí Dhíomasaigh.[7] Bliain is fiche a mhair An Damer faoi choimirce Gael Linn (1955-1976). Tháinig complacht proifisiúnta isteach sa bhliain 1978, comhfhiontar idir Bord na Gaeilge (nach maireann) agus an Chomhairle Ealaíon. Ach níor mhair sé ach ar feadh trí bliana (1978-1981).

Dúnadh an Damer sa bhliain 1981. Meastar gur tháinig ann ró-mhall don chomplacht gairmiúil agus gurbh é tús na seascaidí an t-am ab fhearr chun tógáil ar an dúshraith a bhí leagtha ag an Damer.

DaoineCuir in Eagar

Ar na drámadóirí a scríobh don Damer bhí, Eoghan Ó Tuairisc, Seán Ó Tuama, Breandán Ó Beacháin agus Máiréad Ní Ghráda. Sa saothar seo, déantar cur síos ar na drámaí ar fad a léiríodh ar stáitse an Damer agus, i gcásanna áirithe, tugtar míreanna as léirmheasanna comhaimseartha.

Bhí sé d’ádh ag an Damer go raibh stiúrthóirí gairmiúla mar Phroinsias Mac Diarmada agus Tomás Mac Anna ag obair ann. Chothaigh An Damer léiritheoirí óga den scoth, cuid acu a bheadh ag plé go gairmiúil le hobair léirithe nó aisteoireachta m.sh., Niall Tóibín, Noel Ó Briain, Seán Ó Briain, Dónall Farmer, Áine Ní Mhaoldhomhnaigh Uí Dhrisceoil agus Seán Ó Coistealbha.

Thug An Damer deis don iliomad daoine a gcuid tallann aisteoireachta a thabhairt chun foirfeachta. Ar na daoine a thosaigh san Damer agus a chuaigh le gairm na haisteoireachta bhí Áine Ní Mhuirí, Máire Ní Ghráinne, Breandán Ó Dúill agus Fionnula Flanagan. Ach is cóir a aithint go raibh daoine amaitéaracha a shroich ardchaighdeán aisteoireachta, ach go háirithe Séamas Ó Tuama agus Séamas Páircéir a fuair moladh arís is arís eile as na léirithe ina raibh siad.

Léigh freisinCuir in Eagar

  • An Damer: Stair Amharclainne le Máiréad Ní Chinnéide (Gael Linn, 2008)[3]

Dátaí an Chéad LéiritheCuir in Eagar

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. RTÉ, clár "Féach". "Cuairt ar Amharclann an Damer". Dáta rochtana: 2018.
  2. L. S. Tuathail (1964). "Nótaí Drámaíochta: Saibhreas damer?". Comhar 23 (5): 31–33. doi:10.2307/20551718. ISSN 0010-2369. 
  3. 3.0 3.1 Mairéad Ní Chinnéide (2008). "An Damer: Stair Amharclainne le" (ga). Gael Linn. Dáta rochtana: 2021-10-06.
  4. irishplayography.com. "An Damer". www.irishplayography.com. Dáta rochtana: 2021-10-07.
  5. Pádraig Ó Siadhail (1993). "Stair dhrámaíocht na Gaeilge: 1900-1970" (in ga). Indreabhán, Conamara: Cló Iar-Chonnachta. 
  6. Caoimhe Ní Bhaoighill / maynoothuniversity.ie (1989). "STAIR AGUS FORBAIRT NA DRÁMAÍOCHTA GAEILGE". Dáta rochtana: 2021.
  7. 7.0 7.1 "Ó DÍOMSAIGH, Máirtín (1922–1998)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-10-07.