Déamar

pearsa shaibhir i seanchas na hÉireann, meascán idir beirt fear stairiúil is dócha

Fear saibhir a bhí in Déamar arb ionainn a ainm anois agus mór-shaibhreas. Meastar gur meascán de bheirt den teaghlach céanna atá i gceist leis bpearsa bhéaloideasúil seo; Joseph Damer (c.1630–1720) agus a nia John Damer (1674–1768), a dtugtar Seán nó Seáinín Déamar air sa Ghaeilge.

Pléitear é sa leabhar Ceart na Sua le Liam Ó Catháin a d'fhoilsigh Sáirséal agus Dill sa bhliain 1964, áit a luaitear fear a d’fhéach le ríocht a bhunú do féin i ndúiche Laitin agus Shrónaill i gContae Thiobraid Árann.

Dar le Liam Prút sa leabhar Dúchas tiarna talún a chónaigh i gcúirt tí i Srónaill ba ea Seáinín Déamar agus baincéir an-saibhir a bhí ann. Cailleadh sa bhliain 1768 é dar leis an bhfoinse sin. Deirtear sa leabhar freisin I gcúinsí na haimsire sin ní cheaptar gur drochdhuine in aon chor ba ea Déamar.

Tá an nóta seo a leanas sa leabhar Riobard Bheldon: Amhráin agus Dánta, mar mhíniú ar Damer. “Damer: Tagairt do Joseph Damer (1631--1720), Sasanach go raibh gnó bainc i mBaile Átha Cliath aige agus a thóg tigh mórthaibhseach i Srónall, i gCo. Thiobraid Árann, ná fuil le feiscint inniu de ach an fothrach laistiar den Scoil Náisiúnta. Ní raibh aon teora lena shaibhreas, agus maireann scéalta fé conas a tháinig sé ar a chuid óir i mbéaloideas na Mumhan. Mac dearthár leis John Damer, an té go raibh olc ag Liam Dall Ó hIfearnáin chuige.”

Cora cainte cuir in eagar

  • Chomh saibhir le Déamar - a chiallaíonn thar a bheith saibhir[1]
  • Ní haon Déamar mé - a chiallaíonn Níl airgead mór agam[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): rich” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2024-01-30.
  2. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “make — Aistriúchán Gaeilge ar make (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-01-30.