Niall Tóibín
Ba aisteoir agus fuirseoir Éireannach é Niall Tóibín. Saolaíodh é i gCorcaigh ar an 21 Samhain 1929,[1] i dteaghlach le Gaeilge ó dhúchais.[2] Shíothlaigh sé ar an 13 Samhain 2019.
Niall Tóibín | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | Corcaigh, Samhain 21, 1929 |
Náisiúntacht | Éireannach |
Teanga dhúchais | An Ghaeilge |
Bás | Baile Átha Cliath, Samhain 13, 2019 |
Oideachas | |
Teangacha |
An Ghaeilge An Béarla |
Gairm | |
Gairm | aisteoir, aisteoir scannáin, aisteoir stáitse agus aisteoir teilifíse |
IMDb | nm0865636 |
SaolCuir in Eagar
Tógadh Tóibín i dtuaisceart na cathrach i mBishop's Field, agus oileadh é ag an Mainistir Thuaidh. Nuair a bhí a chuid oideachas curtha de aige, d'fhág sé Corcaigh chun post a fháil sa státseirbhís i mBaile Átha Cliath i mí Eanáir sa bhliain 1947.
Bhí sé gníomhach in Amharclann an Damer mar aisteoir agus mar léiritheoir.
Bhí páirt glactha aige i scannáin agus i sraitheanna teilifíse, mar shampla Ryan's Daughter agus Bracken sna 1970idí, The Irish R.M. agus Caught in a Free State sna 1980idí, agus níos déanaí Veronica Guerin, Ballykissangel agus Far and Away.[3] Chaith sé tréimhse fhada rathúil ina réimse gairme a mhair dhá scór bliain.
Bhí aisteoireacht déanta aige don raidió chomh maith, mar shampla a thaispeántas mar aoi ar an gclár Baldi ar BBC Radio 4.
Rinne sé leaganacha gutha de ghearrscéalta le Seán Mac Mathúna freisin.
Tháinig néaltrú air agus d'éag 13 Samhain 2019 (in aois 89 bliain dó).
TagairtíCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |