Brian Mac Aongusa

Ceannaire Raidió na Gaeltachta

Ceannaire ar Raidió na Gaeltachta, príomhfheidhmeannach ar Ghael Linn agus scríbhneoir ba ea Brian Mac Aongusa ( - 24 Márta 2023).[1][2][3][4][5]

Infotaula de personaBrian Mac Aongusa
Beathaisnéis
Bás24 Márta 2023

An Charraig Dhubh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Coláiste Mhuire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcraoltóir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Gairm cuir in eagar

D'fhás Mac Aongusa suas i gCarraig Dhubh, BAC agus d'fhreastail sé ar Choláiste Mhuire agus COBÁC. Thosaigh sé ag obair leis an Roinn Airgeadais.

Bhí Mac Aongusa ina bhall den choiste a bhunaigh Raidió na Gaeltachta in 1972, agus ina Cheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Mheitheamh 1978 go dtí Deireadh Fómhair 1980. D'fhorbair sé sceideal na maidine go mór agus gur chuir sé béim ar leith ar chraoltaí seachtracha beo.

Bhí sé seal ina cheannasaí ar Raidió a hAon RTÉ.

I mí Iúil 1988 a ceapadh ina phríomhfheidhmeannach ar Ghael Linn é agus d’éirigh sé as i 1996 ach d’fhan sé ar fho-choiste Bharra an Teampaill chun an plean forbartha a chur i gcrích.[6]

Bhí sí ina chathaoirleach ar an gcoiste comhairleach a raibh bunú Theilifís na Gaeilge i 1995 mar chúram air.

D'éirigh sé as Ghael Linn le luí isteach ar a thaighde ar stair na n-iarnród. Saineolaí mór le rá ar chúrsaí iarnróid ab ea é agus tháinig a leabhar The Harcourt Street Line amach in 2004.[7] Foilsíodh leabhar eile, Traenacha in Éirinn, in 2014.[8]

Foilseacháin cuir in eagar

  • The Harcourt Street Line: Back on Track - ISBN 1856079074, 2004
  • Luas: Harcourt Street Memories - ISBN 1856079171, 2005
  • Broken Rails, Crashes, and Sabotage on Irish Railways - ISBN 1856079252, 2006
  • Hidden streams: a new history of Dún Laoghaire-Rathdown - ISBN 1856079503, 2007
  • Traenacha in Eirinn - ISBN 1857918371, 2014

Pearsanta cuir in eagar

Fuair sé bás gan choinne sa mbaile ar 24 Márta 2023.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Death Notice of Brian Mac Aongusa" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2023-03-28.
  2. "‘Tírghráthóir go smior’ – Brian Mac Aongusa, iarcheannaire RnaG, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-28.
  3. RTÉ News (2023-03-25). "Broadcaster and railway expert Brian Mac Aongusa dies" (as en). 
  4. "Brian Mac Aongusa ar shlí na Fírinne" (as en) . 
  5. "Brian Mac Aongusa iar-phríomhfheidhmeannach Gael Linn imithe ar shlí na fírinne" (ga). www.gael-linn.ie. Dáta rochtana: 2023-03-28.
  6. Máiréad Ní Chinnéide: Scéal Ghael-Linn. Cló Iar-Chonnacht 2013.
  7. "The Harcourt Street Line, BrianMac Aongusa - Shop Online for Books in Fiji". www.fishpond.com.fj. Dáta rochtana: 2023-03-28.
  8. "Traenacha in Eirinn" (as en-gb) .  Curtha i gcartlann 2023-03-29 ar an Wayback Machine