Buamáil Abercorn (1972)

(Athsheolta ó Buamáil Abercorn)

Ionsaí sceimhlitheoireachta i dTuaisceart Éireann ab ea Buamáil Abercorn sa bhliain 1972. Ionsaí fánach a bhí ann, san iarnóin ar an Satharn, agus daoine ag  siopadóireacht fuinneoige srl, an chéad ionsaí buama ar shibhialtaigh neamhchiontacha le linn na dTrioblóidí.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBuamáil Abercorn
Map
 54°35′55″N 5°55′43″W / 54.5986°N 5.9286°W / 54.5986; -5.9286
Cineálionsaí buamála Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana4 Márta 1972 Cuir in eagar ar Wikidata
Castle Lane, Béal Feirste, áit a raibh an Abercorn i 1972. Leagadh an foirgneamh sa bhliain 2007.

Pléasc cuir in eagar

 
Royal Victoria Belfast, ag an am

Phléasc buama geilignít (2.3kg) i mbialann Abercorn i mBéal Feirste, ar an 4 Márta 1972. Bhí an buama i mála a d’fhág beirt bhan óg nár ordaigh aon rud.

Maraíodh beirt bhan eile, Anne Owens (22), agus Janet Bereen (21), Caitlicigh a bhí amach ag siopadóireacht an lá sin, nuair a stop siad le sos a ghlacadh.[1] Gortaíodh 130 eile. Bíonn caint i mBéal Feirste go dtí an lá inniu faoin slad a rinneadh agus na huafáis a chonaic lucht tarrthála sa smionagar.[2]

Chuir an t-ospidéal Royal Victoria a phlean éigeandála i ngníomh don chéad uair le linn na dTrioblóidí.

Cháin an pobal an t-ionsaí d'aon ghuth. Níor cúisíodh riamh na daoine a raibh baint acu leis an sléacht. Níor ghlac aon duine an fhreagracht. Shéan an t-IRA Oifigiúil agus na Sealadaigh ag an am gurbh iad ba chiontaí leis an ionsaí.

Níos déanaí cuir in eagar

Leagadh an foirgneamh sa bhliain 2007.

Bhí daoine ann ag fanacht beagnach 50 bliain ar thacaíocht airgid.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Póilín Ní Chiaráin (30 Lún 2020). ""B’in é an pobal ar mhaígh na Sealadaigh go raibh siad ag troid chun iad a chosaint." Masla i gceann na héagóra do dhaoine neamhurchóideacha a gortaíodh le linn na dTrioblóidí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-04.
  2. Póilín Ní Chiaráin (26 Lúnasa 2020). "Beag is fiú déanta de leas na n-íobartach ag Sinn Féin agus an DUP" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-04.
  3. Póilín Ní Chiaráin (14 Aib 2021). "Gealltanas Stormont d’íobartaigh ar deireadh thiar thall" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-04.