Aoine na Fola (Béal Feirste, 1972)
Ar 21 Iúil 1972, phléasc na Sealadaigh 22 buama timpeall Bhéal Feirste. Maraíodh naonúr agus gortaíodh 130 eile. "Aoine na Fola" a tugadh ar an lá. Phléasc an tIRA dhá bhuama fichead i limistéar sách teoranta i lár na cathrach.[1][2]
Cineál | carrbhuamáil |
---|---|
Dáta na bliana | 21 Iúil 1972 |
Suíomh | Béal Feirste, Northern Ireland |
Rannpháirtí | |
Líon básanna | 9 |
Líon gortaithe | 130 |
Cúlra
cuir in eagarAr an 7 Iúil 1972, tugadh toscaireacht Shealadach, ar a raibh Seán Mac Stiofáin, Séamus Ó Tuama, Dáithí Ó Conaill, Gearóid Mac Ádhaimh agus Máirtín Mag Aonghusa, faoi rún chuig William Whitelaw i Londain. Is léir nach raibh Whitelaw sásta glacadh leis na héilimh. Shocraigh an dá thaobh go gcoinneoidís an sos cogaidh i bhfeidhm go dtí an 14 Iúil, ach thit an sos cogaidh as a chéile go gairid i ndiaidh.
Imeachtaí
cuir in eagarChuir na fórsaí armtha 'Obráid Motorman' i bhfeidhm cúpla lá níos déanaí, Ní raibh na Dílseoirí paraimíleata i gCumann Cosanta Uladh (UDA) agus in Óglaigh Uladh (UVF) mall ag tabhairt fhreagra.
Bhí Brendan Hughes[3] i mbun an IRA i mBeal Feirste ag an am. Sa bhliain 2001/2, dúirt Brendan Hughes san agallamh a thug sé do thaighdeoirí i gColáiste Bhostúin[4] go raibh lámh ag Gerry Adams i sléacht ‘Aoine na Fola’.[5][6]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "BBC Northern Ireland Bloody Friday Documentary" (as en) .
- ↑ "Horror of North's worst day of bomb devastation will never be forgotten" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-07-22.
- ↑ "Brendan Hughes" (as en) (2021-07-06). Wikipedia.
- ↑ "Boston tapes: Q&A on secret Troubles confessions" (en-GB). BBC News (2019-10-17). Dáta rochtana: 2021-07-22.
- ↑ Robert McMillen (2010). "Galar Guthaíochta agus Toghcháin le Briseadh Amach ó Thuaidh!" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-07-22.
- ↑ Condé Nast (2015-03-08). "Where the Bodies Are Buried" (en-US). The New Yorker. Dáta rochtana: 2021-07-22.