Buamáil Abercorn (1972)
Ionsaí sceimhlitheoireachta i dTuaisceart Éireann ab ea Buamáil Abercorn sa bhliain 1972. Ionsaí fánach a bhí ann, san iarnóin ar an Satharn, agus daoine ag siopadóireacht fuinneoige srl, an chéad ionsaí buama ar shibhialtaigh neamhchiontacha le linn na dTrioblóidí.
| ||||
Cineál | ionsaí buamála | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 4 Márta 1972 | |||
Pléasc
cuir in eagarPhléasc buama geilignít (2.3kg) i mbialann Abercorn i mBéal Feirste, ar an 4 Márta 1972. Bhí an buama i mála a d’fhág beirt bhan óg nár ordaigh aon rud.
Maraíodh beirt bhan eile, Anne Owens (22), agus Janet Bereen (21), Caitlicigh a bhí amach ag siopadóireacht an lá sin, nuair a stop siad le sos a ghlacadh.[1] Gortaíodh 130 eile. Bíonn caint i mBéal Feirste go dtí an lá inniu faoin slad a rinneadh agus na huafáis a chonaic lucht tarrthála sa smionagar.[2]
Chuir an t-ospidéal Royal Victoria a phlean éigeandála i ngníomh don chéad uair le linn na dTrioblóidí.
Cháin an pobal an t-ionsaí d'aon ghuth. Níor cúisíodh riamh na daoine a raibh baint acu leis an sléacht. Níor ghlac aon duine an fhreagracht. Shéan an t-IRA Oifigiúil agus na Sealadaigh ag an am gurbh iad ba chiontaí leis an ionsaí.
Níos déanaí
cuir in eagarLeagadh an foirgneamh sa bhliain 2007.
Bhí daoine ann ag fanacht beagnach 50 bliain ar thacaíocht airgid.[3]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Póilín Ní Chiaráin (30 Lún 2020). ""B’in é an pobal ar mhaígh na Sealadaigh go raibh siad ag troid chun iad a chosaint." Masla i gceann na héagóra do dhaoine neamhurchóideacha a gortaíodh le linn na dTrioblóidí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-04.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (26 Lúnasa 2020). "Beag is fiú déanta de leas na n-íobartach ag Sinn Féin agus an DUP" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-04.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (14 Aib 2021). "Gealltanas Stormont d’íobartaigh ar deireadh thiar thall" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-04.