Buamáil La Mon (1978)
Ionsaí sceimhlitheoireachta i dTuaisceart Éireann ab ea Buamáil La Mon sa bhliain 1978. Phleasc buama loiscneach i mbialann agus óstán La Mon[1] i mBéal Feirste, ar an 17 Feabhra 1978. Maraíodh 12 agus gortaíodh 30 sa chaor thine a tháinig ina dhiaidh, dóite go holc an chuid is mó.
| ||||
Cineál | ionsaí buamála | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 17 Feabhra 1978 | |||
Suíomh | Contae an Dúin, Northern Ireland | |||
Rannpháirtí | ||||
Líon básanna | 12 | |||
Líon gortaithe | 30 | |||
Pléasc
cuir in eagarBhí dinnéar bliantúil an Irish Collie Club ar siúl i dTeach La Mon taobh amuigh de Bhéal Feirste[2] (i nGransha, Contae an Dúin). Nuair a bhí an oíche faoi lán seoil, tháinig meitheal, nó ball amháin den IRA agus fágadh buama a bhí ceangailte le cannaí peitril ar leac na fuinneoige. Tugadh foláireamh a bhí easnamhach; ní raibh go leor ama ag na daoine taobh istigh imeacht ón mheall tine a ruaig an teach itheacháin.
Dódh dáréag go bás – Protastúnaigh iad uilig, trí lánúin phósta agus seachtar ban ina measc – agus gortaíodh 23 duine eile go dona.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Hotels in Northern Ireland | Hotels in Belfast | La Mon Hotel". www.lamon.co.uk. Dáta rochtana: 2020-02-17.
- ↑ "Fulaingt íospartaigh na dTrioblóidí" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-02-17.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarIs síol faoi Thuaisceart Éireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |