Buffy Sainte-Marie
Is amhránaí, scríbhneoir amhrán, ceoltóir, agus gníomhaí sóisialta Meiriceánach í Buffy Sainte-Marie (a rugadh Beverly Jean Santamaria ar 20 Feabhra 1941). Ina cuid oibre, dhírigh sí ar na dúshláin atá roimh dhaoine bundúchasacha sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada. [1]
Tá aitheantas, gradaim agus onóracha buaite aici as a cuid ceoil chomh maith lena cuid oibre san oideachas agus sa ghníomhaíochas sóisialta. Sa bhliain 1983, bhuaigh amhrán a chomhscríobh sí, Up Where We Belong, ón scannán An Officer and a Gentleman, Gradam an Acadaimh don Bhunamhrán is Fearr ag 55ú Gradaim an Acadaimh.[2][3] Sa bhliain 1997, bhunaigh sí an Cradleboard Teaching Project, curaclam oideachais atá dírithe ar thuiscint níos fearr ar Bhundúchasaigh Mheiriceánacha a fhorbairt.
Chomh fada siar leis na 1960idí, dúirt Sainte-Marie gur de shinsear Bundúchasach Ceanadach í, ach rinne CBC News fiosrú in 2023 agus fuarthas amach gur rugadh sna Stáit Aontaithe í agus gur de bhunadh Iodálach agus Sasanach í. Ó tháinig torthaí an fhiosrúcháin chun solais, dúirt roinnt ceoltóirí agus eagraíochtaí Bundúchasacha gur chóir na gradaim agus na duaiseanna a bhuaigh sí a tharraingt siar, Gradam Juno d'Ealaíontóir nó Grúpa Bundúchasach na Bliana a bhuaigh Sainte-Marie in 2018 san áireamh.[4][5][6][7] [8]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Proudfit, Joely (November 29, 2022). “Buffy Sainte-Marie’s unique activism changed perceptions of Indigenous people”. American Masters. Dáta rochtana: December 26, 2023.
- ↑ Manoukian, Marina (2021-04-20). “Buffy Sainte-Marie: The First Indigenous Person To Win An Academy Award - Grunge” (en-US). Grunge.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar October 13, 2022. Dáta rochtana: 2022-10-13.
- ↑ “"An Officer and a Gentleman" (NY)”. Academy of Motion Picture Arts and Sciences (September 16, 2014). Cartlannaíodh an bunleathanach ar June 3, 2020. Dáta rochtana: 4 Nov 2019. “Academy Award winner: Music – Original Song ("Up Where We Belong", Music by Jack Nitzsche, Buffy Sainte-Marie; Lyrics by Will Jennings)”
- ↑ The Canadian Press (November 5, 2023). “Indigenous musicians upset over Buffy Sainte-Marie ancestry revelations”. The Star Phoenix. Dáta rochtana: November 26, 2023.
- ↑ Coles, Penny (November 9, 2023). “Buffy Sainte-Marie's awards should be rescinded, says Indigenous advocate”. Niagara-on-the-Lake Local. Cartlannaíodh an bunleathanach ar November 25, 2023. Dáta rochtana: November 25, 2023.
- ↑ Francis, Annette (November 2, 2023). “Sainte-Marie ancestry story brought musician to tears”. APTN News. Dáta rochtana: November 25, 2023.
- ↑ “'Slap in the face': Indigenous women's group reacts to Emmy win for Sainte-Marie film”. CP24 (November 21, 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar November 22, 2023. Dáta rochtana: November 25, 2023.
- ↑ Keeler, Jacqueline (2023-11-25). “She's an Indigenous icon and the first Native person to win an Oscar. Is she actually Italian American?” (en). San Francisco Chronicle. Dáta rochtana: 2023-11-25.