An Bhulgáir

tír in oirdheisceart na hEorpa
(Athsheolta ó Bulgáir)

Tír in oirdheisceart na hEorpa is ea an Bhulgáir (Bulgáiris: България). Is í Sóifia an phríomhchathair agus an chathair is mó atá inti.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Bhulgáir
България (bg) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnMila Rodino (1964) Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Ní neart go cur le chéile» Cuir in eagar ar Wikidata
Siombail oifigiúilleon Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósBulgars (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 42° 45′ N, 25° 30′ E / 42.75°N,25.5°E / 42.75; 25.5

PríomhchathairSóifia Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán6,795,803 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús61.23 hab./km²
DéamainmBulgárach Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilan Bhulgáiris Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deOirthear na hEorpa
an tAontas Eorpach
an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla110,993.6 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uiscean Mhuir Dhubh Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMusala (2,925 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is íslean Mhuir Dhubh (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síDaon-Phoblacht na Bulgáire Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú 13 Iúil 1878History of Bulgaria (1878–1946) (en) Aistrigh
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht pharlaiminteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinGovernment of Bulgaria (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachComhthionól Náisiúnta na Bulgáire Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na Bulgáire Cuir in eagar ar WikidataPetar Mladenov (1990–1990) Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire na Bulgáire Cuir in eagar ar WikidataNikolay Denkov (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil89,040,398,406 $ (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadralev na Bulgáire Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.bg agus .бг Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+359 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreBG Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSBG Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáingovernment.bg Cuir in eagar ar Wikidata

Tá sí ag críochantacht le cúig thír eile: an Rómáin sa tuaisceart, an tSeirbia agus Poblacht na Macadóine ar an taobh thiar, agus an Ghréig agus an Tuirc ar an taobh theas den Bhulgáir. Tá an Mhuir Dhubh ar an taobh thoir den Bhulgáir.

Is í an Bhulgáir an 16ú tír is mó san Eoraip. Tá go léir sliabhraonta ann: mar shampla an Stara Planina agus Rodopi, agus sliabhraon Rila. Tá talamh maith le fáil ar na machairí sa tuaisceart agus sa deisceart.

 
Tarnovo, baile sa Bhulgáir
  1. Blagoevgrad
  2. Burgas
  3. Dobrich
  4. Gabrovo
  5. Haskovo
  6. Kardzhali
  7. Kyustendil
  8. Lovech
  9. Montana
  10. Pazardzhik
  11. Pernik
  12. Pleven
  13. Plovdiv
  14. Razgrad
  15. Rousse
  16. Shumen
  17. Silistra
  18. Sliven
  19. Smolyan
  20. Cúige Cathair Sofia
  21. Cúige Sofia
  22. Stara Zagora
  23. Targovishte
  24. Varna
  25. Veliko Tarnovo
  26. Vidin
  27. Vratsa
  28. Yambol

Sa 7ú haois a cuireadh náisiún na Bulgáire ar bun, an chéad impireacht (632/681 – 1018). Mhair an dara himpireacht ó 1185 – 1396/1422, agus bhí an Bhulgáir mar chuid d'impireacht na dTurcach ar feadh tuairim is 500 bliain. Cuireadh an tríú stát neamhspleách ar bun ina dhiaidh sin. Ghabh sí leis an gCummanachas sa bhliain 1945 i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda agus bhí sé ina bhall de bhloc an Oirthir go dtí 1989/1990.

An Bhulgáir sa lá atá inniu ann

cuir in eagar

Is pobhlacht í an Bhulgáir anois. Ball den AE, NATO, na Náisiúin Aontaithe agus an World Trade Organization atá ann. 0.840 an Human Development Index (61ú háit ar domhan sa bhliain 2009). Dar le Freedom House, is tír "shaor" í.

Teanga Shlavach í an Bhulgáiris, agus í an-difriúil leis an gcuid is mó de na teangacha Slavacha eile, ós rud é go bhfuil sí tar éis córas díochlaonta na n-ainmfhocal a chailleadh ina iomláine. San am céanna, choinnigh an Bhulgáiris na haimsirí a chuaigh i léig sa chuid eile de na teangacha Slavacha, agus forbraíodh tuilleadh acu faoi thionchar na Gréigise agus na dteangacha Balcánacha - tá infhilleadh na mbriathar i bhfad níos casta sa Bhulgáiris ná sna teangacha Slavacha eile, agus a lán aimsirí comhshuite ann. Ón taobh eile de, áfach, chuaigh infinideach an bhriathair i léig sa Bhulgáiris go hiomlán. Níl ach an Mhacadóinis cosúil leis an mBulgáiris ó thaobh na gramadaí de, ach ansin, is iomaí Bulgárach a deir nach bhfuil sa Mhacadóinis ach canúint Bulgáirise.