Druga
Is éard is druga ann ná substaint cheimiceach nó bhithcheimiceach, shaorga nó nádúrtha, agus í in ann tionchar a imirt ar an dóigh a mbíonn an t-orgánach ag obair, má ghlactar isteach sa cholainn é. De réir an tsainmhínithe seo, is féidir dearcadh ar an mbia féin mar dhruga, ach sa ghnáthchaint, tá ciall níos cúinge leis an téarma, agus is é an cineál substaintí a bhíonn i gceist ansin ná cógais, vitimíní, substaintí sícighníomhacha nó sícideileacha agus "drugaí fóillíochta" cosúil le heacstais, cócaon, marachuan, amfataimín agus eile.
Ní bhíonn sé soiléir i gcónaí cé acu bia nó druga atá i gceist - cuir i gcás caife, fíon agus beoir, mar shampla. De ghnáth, is é an difríocht idir drugaí agus bithcheimiceáin inginiúla (is é sin, substaintí bithcheimiceacha de dhéantús na colainne féin) ná go dtagann na drugaí isteach ón taobh amuigh. Níl an difríocht seo soiléir ach an oiread, áfach. Is hormón í an inslin, ó tháirgtear go nádúrtha i bpaincréas an duine í, ach san am céanna, is druga í freisin, ó thugtar inslin shintéiseach ón taobh amuigh dóibh siúd a bhfuil an diaibéiteas ag luí orthu.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
SanasaíochtCuir in Eagar
Is focal iasachta é "druga" ón mBéarla "drug". Eascraíonn an focal Béarla "drug" ón bhfocal Ollainise "droog". An bhrí atá le "droog" ná "tirim". San am atá thart bhíodh an chuid is mó de drugaí déanta as plandaí triomaithe.
CógasCuir in Eagar
Is éard atá i gCógas ann ná druga a thógtar chun leigheas a chuir ar dhuine agus siomptóim tinneas a mhaolú atá orthu. Úsáidtear iad chun cosc a chuir ar galair nó tinnis a d'fhéadfadh bheith orthu sa todhchaí chomh maith. Bíonn dáileadh amach na cógais seo go minic faoi stiúir an rialtais agus roinntear i dtrí chatagóir éagsúla iad - cógais "thar an gcuntair", atá ar fáil i ngnáth siopaí agus cógaslanna gan srianta spesíalta, "taobh thiar den chúntar", a ndáiltear amach ag poitigéir gan oidis dochtúra bheith ag teastáil, agus "cógais ar oideas", go bhfuil oideas ag teastáil, a bhfaightear ó dochtúr nó lia de ghnáth.
Táirgeann na comhlachtaí poitigéirí na cógais de ghnáth agus cuireann siad paiteann orthu chun a gceart iad a tháirge a chosaint, cé gur féidir iad a dhíorthú ó subtaintí nádúrtha i bplandaí ar a ghlaotar cógais luibheanna. Glaotar cógais cinéalaigh ar na cinn nach bhfuil aon phaiteann nó srianta maidir le ceadúnais acu.
Drugaí Aeraíochta(áineasa)Cuir in Eagar
Is éard atá in drugaí aeraíochta nó drugaí áineasa ná drugaí sicgníomhach a n-úsáidtear ar fáthanna caitheamh aimsire seachas ar son oibre, leighis nó spioradálta. Tá neart conspóide faoi úsáid drugaí aeraíochta, agus tá srianta agus rialaithe curtha orthu ag rialtais ar fud an domhain chun an troid i gcoinne mí-úsáid drugaí a láidriú, ach tá criticiúlacht ann maidir le na dlíthe atá i bhfeidhm bheith finíntaithe. Tá seo ag athrú go mall, áfach, le Ceanada, ar an bhformhór, ag leanúint an Ísiltír agus dí-choirúiliú a dhéanamh ar channabas.
NaiscCuir in Eagar
- An Roinn Sláinte agus Leanaí (Poblacht na hÉireann) - Drugaí agus Cógais ar Oideas - Eolas Curtha i gcartlann 2007-09-28 ar an Wayback Machine (as Gaeilge)
- An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe, agus Gaeltachta (Poblacht na hÉireann) - Comhordú na Straitéise Náisiúnta ar Dhrugaí Curtha i gcartlann 2007-07-01 ar an Wayback Machine (as Gaeilge)
- Roinn Sláinte, Seirbhísí Sóisialta agus Sábháilteachta Poiblí (Tuaisceart na hÉireann) - Úsáid drugaí agus iompraíocht bhaoil i measc úsáideoirí atá ag instealladh drugaí - Tuairisc Curtha i gcartlann 2007-09-27 ar an Wayback Machine (as Gaeilge)
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |