Is planda luibheach iad cúig mhéar Mhuire[1] (Potentilla reptans) agus is ball d’fhine na rósanna iad (Rosaceae).

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCúig mhéar Mhuire
Potentilla reptans Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdRosales
FineRosaceae
TreibhPotentilleae
GéineasPotentilla
SpeiceasPotentilla reptans Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Bíonn siad 5-30 cm ar airde. Tá dath buí ar a mbláthanna, na cúig pheiteal ag déanamh uainíochta ar na seipil; mórán staimín iontu. Tá siad cosúil le rósanna singil, gach ceann acu ar bharr gasáin fhada a fhásann as ascaill na nduillí. Tá na torthaí ina gcrobhaingí, gach ceann acu cuachta i gcailís mharthanach. Tá fáinne ilbhliantúil duillí ann as a bhfásann gais fhada reatha a chuireann síos fréamhacha ó na nóid as a bhfásann duillí is bláthanna. Tá dath dúghlas ar a nduillí pailmeacha, 5 dhuillín fhiaclacha iontu; gasáin fhada ar na duillí agus stiopóga a mbun.

Tá siad le fáil i bhfálta, in áiteanna tréigthe, ar cholbaí bóithre agus cosán agus uaireanta ar thalamh féaraigh, in ithreacha bunata agus neodracha ar fud na hEorpa.

Tá gaol acu leis an Néalfartach (Potentilla erecta), ach ní bhíonn ach 4 pheiteal uirthi sin agus 3 dhuillín sna duillí.

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Potentilla reptans” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.