Cúscraid

mac Chonchúir Mhic Neasa sa Rúraíocht

Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, mac Chonchúir mhic Neasa ba ea Cúscraidh Meann Mhacha (Sean-Ghaeilge Cúscraid Mend[1] Macha).[2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarCúscraid
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
Cruinnemiotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairConchúr mac Neasa Cuir in eagar ar Wikidata

Ag dul i mbun comhraic don chéad uair, bhí sé i gceannas buíne in aghaidh na gConnacht. Bhuail laoch na gConnacht, Cead Mac Mágach, leis ag an teorainn. Ghoin Cead Cúscraid sa scornaigh (nó ar bharr na teanga) le sleá, ag tabhairt a bhac teanga dó.[3][4]

Ba iad Cú Chulainn, Conall Cearnach agus Cúscraid na laochra ba mhó a raibh gean orthu i measc na mban. Dheineadh na mná aithris ar saintréith an laoich ba mhó ba ghrá leo: chamadh mná Conaill a muiníl, chrapadh mná Chú Chulainn súil amháin (mar a riastradh), bhíodh stad ina gcuid cainte ag mná Chrúscrach.[5]

Tar éis bás Chonchúir, thogh fir na nUladh a mhac is sine, Cormac Cond Longas mar chomharba, ach maraíodh é sular tháinig sé i gcoróin. Thairg é ansin do Chonall Cearnach, a dhiúltaigh é, ag moladh ina ionad a mhic altrama, Cúscraid.[6]

  1. 2 menn, mend
  2. Chadwick 1927
  3. Story of Mac Da Thó's Pig, Chadwick 1927, ¶14, lch. 13; Meyer 1894, ¶14, lch. 54 "...le sleá trí do scornaigh...", srl.
  4. Deir Cóir Anmann i #278 gur ghoin Cead Meann mac Sálchoilg sa scornaigh, agus in #279 "ghoin Cead Cúscraid trína bhéal, agus ghearr sé barr a theanga, agus bhí meann dá bharr ina dhiaidh."
  5. Serglige Con Culainn, Leahy 1905, lch. 58, "each woman who loved Cuscraid Mend, ... stammered in her speech"
  6. Cath Airtigh