Móin na nGé
Béarla: Monagea
Bunaithe: 1896
Contae: Luimneach
Roinn: Thiar
Peil: Sóisear A
Iomáint: Idirmheánach
Dathanna: Glas is ór
Páirc: Páirc na nGael, Móin na nGé, Caisleán Nua Thiar, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Móin na nGé.

Suíomh cuir in eagar

Tá an club bunaithe sa pharóiste thuathach Móin na nGé in Iarthar Luimnigh idir An Caisleán Nua Thiar agus Tuar Na Fola, 52km siar ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí ó na sráidbailte Trá agus Móin na Gé agus ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Baile Sheáin, Goirtín an Gharraí agus Baile Uí Chionaoith agus téann teorainn an pharóiste suas go dtí imeall An Chaisleáin Nua Thiar. Imríonn iománaithe ó pharóiste Áth an tSléibhe agus peileadóirí ó pharóiste Teampall an Ghleanntáin leo ó am go ham.

Cluichí cuir in eagar

Imrítear peil agus iomáint agus, cé go bhfuil traidisiún na hiomána níos láidre sa chlub, tá an bhéim chéanna ar na dá chod faoi láthair.

Stair cuir in eagar

Bhí mórán clubanna peile agus iomána sa cheantar mórthimpeall Móin na nGé le linn blianta tosaigh CLG agus bunaíodh club faoin ainm Liam Uí Bhriain sa pharóiste sa bhliain 1896. Tá tuairisc fúthu ag glacadh páirt i gcluiche iomána i gcoinne Tuar na Fola i Mí Márta na bliana 1899 agus bhíodar an-ghníomhach i gcomórtaisí iomána ar fud iarthair an chontae sna blianta dár gcionn.

Ba chlub láidir é Móin na nGé ag tús an 20ú chéad. Bhuaigh Éire Óg orthu i gCraobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh na bliana 1902 ach ba é sin an t-aon bhliain amháin i stair an chlub inar shroich Móin na nGé cluiche ceannais an chomórtais. Ba chlub iomána sinsear é suas go dtí An Chéad Chogadh Domhanda ach, maron lena lán clubanna eile sa chontae, thiteadar as a chéile ar feadh roinnt bliana le linn na dTrioblóidí. Le linn an tréimhse chéanna, tháinig feabhas mór ar an iomáint sa Chaisleán Nua Thiar agus mhealladar an-chuid imreoirí ó pharóiste Mhóin na nGé chucu.

Nuair a atheagraíodh an club le linn blianta na 1920í, d’imríodar ar feadh roinnt blianta sa ghrád sóisear san iománt agus sa pheil ach ba chlub sóisear iad le teacht blianta na 1930í. I ndiaidh dóibh gcluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear an Iarthair na bliana 1934 a chailliúint i gcoinne Cnoc an Doire, thit lágtrá fada ar an iomáint agus ar an bpeil sa chlub. Níor éirigh le Móin na nGé rud ar bith a bhuachaint suas go dtí blianta na 1950í nuair a chuadar as feidhm arís ar feadh cúpla bliain de dheasca an eisimirce. Thángadar ar ais sa bhliain 1956 ach, lasmuigh den bhua ar Ghreanach chun Chraobh Iomána Sóisear an Iarthair na bliana 1973 a ghabháil, ní raibh aon ádh leo go dtí blianta na 1990í nuair a bhuadar Craobh Peile Sóisear B Chontae Luimnigh. D’éirigh leis na hiománaithe an lámh in uachtar d'fháil ar Bhaile Brún i gcluiche ceannais Craobh Sóisear A an Chontae na bliana 1997 agus ba chlub idirmheánach é Móin na nGé sa dá chód nuair a bhuadar ar Átháin chun Corn Peile Síosear A an Chontae a ghabháil sa bhliain 2001.

Bhí na himreoirí céanna ar na foirne iomána agus peile le linn blianta na 1990í agus, nuair a tháinig an aois anuas orthu, thit iománaithe Mhóin na nGé síos go dtí an grád sóisear A sa bhliain 2004 agus lean na peileadóirí iad sa bhliain dár gcionn. Ach i ndiaidh glún nua tar éis teacht chun chinn, d'fhill na hiománaithe ar an dara grád nuair a bhuadar ar Stáicéirí de Bhailís chun Chraobh Sóisear A an chontae a ghabháil don dara huair sa bhliain 2008.

Páirc Imeartha cuir in eagar

Tá páirc imeartha an chlub, Páirc na nGael, suite i sráidbhaile Móin na nGé.

Imreoirí Cáiliúla cuir in eagar

I measc imreoirí cáiliúla an pharóiste, tá Liam Ó hEochaidh (Willie Haugh, ball foireann Luimnigh a bhuaigh Craobh Iomána Sinsear na hÉirann sna bliain 1918, nuair ba chaptaen é, agus arís sa bhliain 1921), Labhrás Ó Síocháin (Larry Sheehan a bhuaigh bonn Craobh Peile Sinsear na hÉireann sa bhliain 1896) agus Seán Ó Flaithimhín (John Flavin, fear ionad ar fhoireann Luimnigh a chaill cluiche ceannias iomána sinsear na hÉireann na bliana 1994).

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).