CLG Cnoc an Doire (Luimneach)

Cnoc an Doire
Béarla: Knockaderry
Bunaithe: 1920
Contae: Luimneach
Roinn: Thiar
Peil: Sóisear A
Iomáint: Príomh Idirmheánach
Dathanna: Glas is bán
Páirc: Cnoc an Doire, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Cnoc an Doire.

Suíomh cuir in eagar

Tá an club bunaithe i bparóiste Cnoc an Doire/Cluain Cath in Iarthar Chontae Luimnigh idir An Caisleán Nua Thiar agus Baile an Gharrdha, 40km siar ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí ó shráidbhailte Cnoc an Doire agus Cluain Cath agus ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Lios an Uisce, Áith Liní agus Ráth Bhroíle.

Cluichí cuir in eagar

Cé go bhfuil traidisiún an iomána níos láidre sa pharóiste, imrítear peil agus hiomáint i gCnoc an Doire. Tá béim an chlub dírithe go láidir i dtreo na hiomána.

Stair cuir in eagar

Bhí an iomáint ag leathnú siar trí Chontae Luimnigh nuair a ghlacadh le rialacha caighdeánacha an spóirt i ndiaidh bhunú CLG sa bhliain 1884. Eagraíodh foirne ar dtús sna bailte margaidh ar nós Cromadh, Brú na Déise, Baile an Gharrdha agus An Caisleán Nua Thiar agus, ina dhiaidh sin, sna paróistí tuaithe máguaird. Thosnaigh iománaithe Cnoc an Doire ag teacht le chéile chun imirt i gcoinne a gcomharsana agus, sa bhliain 1887, bunaíodh club sa pharóiste faoin ainm Peadar Ó Néill Ó Cruadhlaíoch i cuimhne Fhínínigh cháiliúil na háite.

Ghlac an club páirt i gcomórtais a eagraíodh i lár agus in iarthar an chontae le linn blianta na 1880í agus na 1890í agus is cosúil gur ghlacadar Cluain Cath mar ainm orthu féin nuair a thosnaíodar ag imirt i gcraobhacha oifigiúla an chontae. Tá tuairiscí ann ón mbliain 1903 faoi chluichí iomána agus peile a chailleadar i gcoinne Fíodhnach i gcomórtas Fíodhnach. Tháinig feabhas ar an iomáint sa pharóiste ina dhiaidh sin agus bhí an club ag imirt faoin ainm Cnoc an Doire sa bhliain 1911 nuair a bhuaigh Ráth Caola orthu i gcluiche ceannais Craobh Iomána Idirmheánach Chontae Luimnigh.

Tá tuairisc ann faoi chluiche i gcomórtas iomána Na Feothanaí a imríodh ar Dhomhnach Cásca na bliana 1916 inar bhuaigh Cill Mhíde ar orthu ach ba bheag iomáint a d’imríodar sna blianta díreach ina dhiaidh sin de dheasca na dTrioblóidí agus ba chlub iomána sóisear é Cnoc an Doire nuair a atosaíodh craobhacha an chontae le teacht na síochána.

Tháinig foireann láidir chun chinn le linn blianta na 1920í agus, i ndiaidh dóibh buachaint ar Ráth Caola chun Craobh Iomána Sóisear an Iarthair na bliana 1929 a ghabháil, shroicheadar cluiche ceannais an chontae ach chailleadar i gcoinne Clochán. Buadh Craobh an Iarthair arís sna blianta 1931 agus 1936 ach, nuair a d’éirigh imreoirí na glúine sin as an imirt, tháinig cúlú ar iomáint Chnoc an Doire.

Níor chuireadar foirne dá gcuid féin ar an bpáirc idir na blianta 1943 agus 1946 nuair a thángadar le chéile le Ráth Caola faoin ainm An Drom Ard/Ráth Caola chun páirt a ghlacadh i gCraobh Iomána Sinsear an Chontae. Bhíodar ar ais ag imirt ar a son féin sa bhliain 1947 nuair a bhuadar ar Ardach chun Craobh Iomána Sóisear an Iarthair a ghabháil don cheathrú uair. Leanadar ar aghaidh i Mí Shamhna na bliana céanna chun sárú ar Bhrú na Déise i gcluiche ceannais Craobh an Chontae.

 
Cnoc an Doire v An Cheapach (geansaithe buí), Craobh Peile Sóisear A Iarthar Chontae Luimnigh i mBaile an Gharrdha, 9ú Iúil 2009

Ba chlub iomána sinsear é Cnoc an Doire idir na blianta 1948 agus 1952 ach ní raibh a dhóthain imreoirí acu chun fanacht i bhfad sa phríomghrád. I ndiaidh dóibh filleadh ar an ngrád sóisear, thosnaigh a gcomharsanna Fíonach/Cill Mhíde, Greanach Baile an Gharrdha agus An Caisleán Nua Thiar ag teacht chun chinn, mhealladar imreoirí ó Chnoc an Doire agus thit an club as a chéile sna grádanna fásta idir na blianta 1959 agus 1964. Idir an dá linn, bhí an obair á dhéanamh acu sna grádanna óga agus, i ndiaidh dóibh filleadh ar an iomáint sóisear, bhuadar Craobh Iarthair na bliana 1967.

Toisc go raibh foirne iomána láidre ar nós Cill Íde agus Tuar na Fola san Iarthar ag an am gcéanna, níor éirigh leis an nglún sin tuilleadh a bhuachaint. Cé gur shroicheadar cluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear an Iarthair sna blianta 1974, 1977, 1993, 1995 agus 2002, bhíodh club eile ag teacht chun chinn i gcónaí agus bhí ar Chnoc an Doire fanacht go dtí an bhliain 2004 sular éirigh leo faoi dheiridh. Nuair a bhuadar ar An Ospidéal/Cathair Fuinse i gcluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear an Chontae, d’éiríodar as an ngrád sin don chéad uair i leath-chéad bliain agus tá siad ag imirt iomáint idirmheánach o shin i leith.

Ós rud é go raibh an bhéim dírithe i gcónaí ar an iomáint, cuireadh iarracht isteach sa pheil ach amháin sna blianta sin inar bhuadh ar an bhfoireann iomána go luath sa samhradh. D’éirigh leo ó am go ham i gCraobh Peile Sóisear B an Iarthair agus bhí foireann sách-láidir ag Cnoc an Doire le linn blianta na 1990í. Chailleadar cluiche ceannais Craobh Sóisear B an Chontae na bliana 1998 i ndiaidh athimirt i gcoinne Áth Dara ach, nuair a thángadar ar ais sa bhliain dár gcionn, bhuadar ar Bhaile Bricín chun an teideal a ghabháil. D’imríodar sa ghrád sóisear A ar feadh roinnt blianta agus, i ndiaidh dóibh titim ar ais go dtí an bunghrád, bhuaigh Cnoc Áine orthu i cluiche ceannais an chontae sa bhliain 2005.

Páirc Imeartha cuir in eagar

Tá páirc imeartha an chlub suite 100m ó dheas ó phríomhshráid sráidbhaile Cnoc an Doire taobh thiar d’Oifig an Phoist. Ba pháirc an phobail í nuair thosnaigh Cnoc an Doire ag imirt inti sa bhliain 1936 ach ceannaíodh í sular chothromaíodh an dromchla imeartha timpeall na bliana 1980. Osclaíodh go hoifigiúil í sa bhliain 1986.

Imreoirí Cáiliúla cuir in eagar

I measc imreoirí cáiliúla an chlub, tá an Mícheál Ó Dualainn (Mike Dowling) a bhuaigh bonn Sraithchomórtas Iomána Náisiúnta ar fhoireann Luimnigh sa bhliain 1971, Tomás Condún (Tom Condon), iománaí idirchontae blianta na 2000í, agus Seán Ó Loideáin (John Lydon) a d’imir ar fhoireann Luimnigh le linn blianta na 2000í.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).