Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2023
Reáchtáladh idir 30 Samhain - 13 Nollaig 2023 in Dubai, COP28 (Comhdháil na bPáirtithe 28) nó Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2023.[1] Bhí margadh domhanda déanta den chéad uair chun aistriú ó bhreoslaí iontaise agus dul i ngleic leis an bpríomhchúis taobh thiar den athrú aeráide.[2] Iarradh ar thíortha imeacht ó bhreoslaí iontaise taobh istigh de dheich mbliana agus sin a dhéanamh ar bhealach atá ‘cóir, eagraithe agus cothrom’.[3][4]
| ||||
Cineál | United Nations Climate Change conference (en) | |||
---|---|---|---|---|
Tréimhse | 30 Samhain - 13 Nollaig 2023 | |||
Uimhir eagrán | 28 | |||
← 2022
| ||||
Suíomh | Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha | |||
Tír | Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha | |||
Eagraí | na Náisiúin Aontaithe | |||
Suíomh gréasáin | unfccc.int… | |||
Haischlib | #COP28 | |||
Cúlra
cuir in eagarRinneadh Athbhreithniú Domhanda ['Global Stocktake'] ar conas atá ag éirí le tíortha a spriocanna a bhaint amach i leith na géarchéime athraithe aeráide agus ar cad a theastaíonn má táthar chun an tubaiste a sheachaint.
Rinne an tAthbhreithniú Domhanda scagadh ar dhul chun cinn na dtíortha ó thaobh na sprice a leagadh síos i gComhaontú Pháras in 2015 go ndéanfaí an t-ardú ar theas domhanda a theorannú go dtí 1.5°C os cionn an leibhéil a bhí ann sa saol réamhthionsclaíoch.
De réir tuarascáil a d’fhoilsigh na Náisiúin Aontaithe i mí Dheireadh Fómhair 2023, ba ghá go laghdódh astaíochtaí 42% faoi 2030 má táthar chun an t-ardú ar theas domhanda a theorannú go dtí 1.5°C faoi 2050.[5] Dúirt na Náisiúin Aontaithe, má fhanann cúrsaí mar a bhí, gur téamh 3 céim Celsius a bhí i ndán don domhan agus gur “tubaiste aeráide” an toradh a bheadh air sin.
Eagraíocht
cuir in eagarTíortha a shínigh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide a bhí páirteach sa chruinniú mullaigh dá ngairmtear COP28, faoi choimirce na Náisiún Aontaithe. Phléigh siad topaicí a bhaineann leis an timpeallacht, lena n-áirítear an chaoi a bhfuil ag éirí leo i gcomparáid leis na spriocanna a bhí acu roimhe seo, agus pleananna don todhchaí.[6]
Bhí beagnach 100,000 duine i láthair ag COP28, 140 ceannaire stáit ó gach cearn den domhan, agus ionadaithe ó beagnach dhá chéad tír i láthair.[5]
Margadh
cuir in eagarBhí margadh domhanda déanta ag nach mór 200 tír aistriú go pras ó bhreoslaí iontaise agus úsáid i bhfad níos mó a bhaint as fuinneamh in-athnuaite, an chéad mhargadh dá leithéid ina bhfuil éileamh soiléir ann go n-aistreofaí ó úsáid breoslaí iontaise amhail gual, ola agus gás.
Iarradh ar thíortha éirí as a bheith ag scaoileadh CO2 san atmaisféar faoi 2050. Iarradh chomh maith ar thíortha gearradh siar go mór ar astaíochtaí meatáin, gás ceaptha teasa atá níos contúirtí ná CO2 sa ghearrthréimhse.
Glacadh sa mhargadh go méadófaí faoi thrí an úsáid a bhaintear an foinsí fuinnimh in-athnuaite, amhail fuinneamh gaoithe agus grianchumhacht, faoi 2030.[7][3]
Cabhair ar phobail leochaileacha
cuir in eagarCuireadh ar bun ciste ‘damáiste agus caillteanais’ (socraíodh ag COP27 go mbunófaí é). Ach ní raibh ach maoiniú an-bheag i gceist, $700m.[8] Agus níor cuireadh aon iachall ar thíortha saibhre airgead a chur ar fáil do thíortha níos boichte aistriú ó bhreoslaí iontaise.[3]
Éire
cuir in eagarRinneadh daoine óga as Gaeltacht Chonamara achainí ar cheannairí an domhain dul i ngleic go práinneach le bagairtí an athraithe aeráide. Rinneadh cur síos i litir agus físeán i nGaeilge ó scór déagóirí as Cois Fharraige ar an dóigh a bhfuil an t-athrú aeráide ag dul i bhfeidhm ar thránna agus ar phortaigh in iarthar na tíre.[9]
Conspóidí
cuir in eagarÉiginnteacht
cuir in eagarCháin ionadaithe áirithe an margadh mar rud atá ró-lag. Cinnte iarradh sa mhargadh go n-aistreofaí ó bheith ag úsáid breoslaí iontaise. Ach níor éilíodh gan deireadh ar fad a chur leo de réir a chéile, faoi mar a bhí á éileamh ag go leor.[3]
Dúirt lucht feachtais nach raibh an margadh sách láidir. Mhaígh Greenpeace nach n-éireodh leis an t-aistriú ó bhreoslaí iontaise a bhaint amach ar bhealach “sciobtha agus cothrom”. Ní róshásta leis an margadh nua a bhí cuid de na stáit bheaga ar oileáin iad agus atá an-leochaileach ó thaobh na haeráide.[4]
Stocaireacht
cuir in eagarTharraing an Líonra um Ghníomhaíocht Aeráide, an comhrialtas is mó ar domhan d’eagraíochtaí neamhrialtasacha aeráide, aird ar an líon brústocairí breosla iontaise a d’fhreastail ar an gcruinniú mullaigh.[6] Bhí conspóid ann roimh thús na comhdhála nuair ab éigean d’Uachtarán COP28, an Sabhdán Al Jaber, a shéanadh go raibh leas á bhaint aige as na cainteanna faoin athrú aeráide chun margaí ola agus gáis a dhéanamh.[5] Chomh maith le bheith ina uachtarán ar an gcruinniú mullaigh, bhí Al Jaber ina phríomhfheidhmeannach ar chuideachta ola stáit Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. Dúirt sé go leanfadh an comhlacht sin ar aghaidh le hinfheistíocht i mbreoslaí iontaise.[2]
D’iarr Mary Robinson, iarUachtarán na hÉireann, go gcuirfí deireadh le breoslaí iontaise de réir a chéile, tar éis d’Al Jaber a rá léi nach raibh aon eolas ar fáil ina ndeirtear go mbainfeadh sé aon phonc a cúig chéim celsius amach.[6]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Ciallaíonn COP ‘Comhdháil na bPáirtithe’ agus is ionann na ‘páirtithe’ agus an 197 náisiún a d’aontaigh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide i 1992.
- ↑ 2.0 2.1 Conradh na Gaeilge, Londain (16 Nollaig 2023). "Nuacht Mhall: (Baile Átha Cliath)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-12-16.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 "Margadh domhanda déanta den chéad uair chun aistriú ó bhreoslaí iontaise" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-12-13). Dáta rochtana: 2023-12-13.
- ↑ 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2023-12-13). "Margadh déanta ag comhdháil aeráide COP28" (as ga-IE).
- ↑ 5.0 5.1 5.2 tuairisc.ie (30 Samhain 2023). "Súil ‘go ndúiseofar ónár néal sinn’ ag COP28 in Dubai" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-01.
- ↑ 6.0 6.1 6.2 Conradh na Gaeilge. Londain (9 Nollaig 2023). "Nuacht Mhall: (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-12-10.
- ↑ ...go dtáirgfí a thrí oiread fuinnimh inathnuaite faoin mbliain 2030 le hais mar a tháirgtear in 2023.
- ↑ Nina Lakhani (2023-12-06). "$700m pledged to loss and damage fund at Cop28 covers less than 0.2% needed" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-12-13.
- ↑ Méabh Ní Thuathaláin (5 Nollaig 2023). "FÍSEÁN: Achainí déanta ag déagóirí na Gaeltachta ar cheannairí COP28" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-07.