Cadfan ap Iago

Rí Gwynedd

Ba Rí Gwynedd é Cadfan ap Iago (c. 580 – c. 625) (lean a réimeas ó c. 616 go dtí c. 625). Is beag an méid atá ar eolas againn ar stair Ghwynedd ón tréimhse seo, agus níl mórán eolais againn faoi Chadfan agus a réimeas.

Infotaula de personaCadfan ap Iago
Beathaisnéis
Breith580 (Féilire Ghréagóra)
Básc. 625 (Féilire Ghréagóra)
44/45 bliana d'aois
Tiarnas Gwynedd
Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Bhreatnais
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Bhreatnais
Teaghlach
PáisteCadwallon ap Cadfan Cuir in eagar ar Wikidata
AthairIago ap Beli

Faightear cibé eolas atá againn mar gheall ar an duine stairiúil ó a láithreas sna ginealaigh ríoga, as a bhronnadh do Naomh Beuno le haghaidh mainistreach ag Clynnog Fawr, agus as a leac uaighe inscríofa.

Ba mhac agus chomharba an Rí Iago ap Beli é Cadfan, agus tá sé liostaithe sna ginealaigh Harley agus i nginealaigh Choláiste Íosa, MS. 20.