Bhí Cailís Ardach ina cuid de "Thaisce Ardach," cnuasach mhiotalóireachta de chuid an agus an 9ú haois. Thángthas ar an gcailís sa bhliain 1896, in éineacht le cupán beag cré-umha agus ceithre dhealg, ag Ardach i gContae Luimnigh. Tá an chuid is mó den chailís lom, ach tá crios ina timpeall agus é breac le fíolagrán óir agus airgid atá leagtha síos ina dhá shraith os cionn a chéile agus a thaispeánann ainmhithe, éin agus fíoracha teibí. Tá an fíolagrán buailte le bocóidí cruain dheirg agus uaine, agus ainmneacha Laidine na n-aspal greanta thíos faoi. Tá foshlios féin na cailíse maisithe.

WD Bosca Sonraí Saothar EalaíneCailís Ardach

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcailís
Dáta a bunaíodh8 haois
Dáta fionnachtana nó tionscnaimh1868
Áit ar tháinig air/uirthiArdagh Fort (en) Aistrigh
Déanta asmalaicít
prás
cruan gloiní
cré-umha
airgead
ór
gloine Cuir in eagar ar Wikidata
Méid19.5 (trastomhas) × 17.8 (airde) cm
Ard-Mhúsaem na hÉireann (Baile Átha Cliath) Cuir in eagar ar Wikidata

Tá 354 píosaí sa chailís, agus is iad na píosaí is mó díobh an dá leathchruinne airgid atá nasctha le seam faoi bhanda cré-umha óraithe. Chomh maith le hór agus le hairgead, baineadh feidhm as cré-umha óraithe, prás agus péatar luaidhe.

Bhí casúireacht, greanadóireacht, teilgean céarach leáite, appliqué agus cloisonné ar na modhanna oibre a úsáideadh lena déanamh.

Séamas Ó Cuinn agus Páid Ó Flannagáin, beirt ógánach, a fuair é sa bhliain 1868 agus iad ag baint phrátaí ar an taobh thiar theas den Riaráiste, ráth atá láimh le hArdach i gContae Luimnigh. Istigh sa chailís féin a bhí an chuid eile den taisce, agus an t-iomlán curtha i bhfolach faoi leac.

Anois tá an taisce iomlán in Ard-Mhúsaem na hÉireann i mBaile Átha Cliath.

Féach freisin

cuir in eagar
  • "NMI": Wallace, Patrick F., O'Floinn, Raghnall eds. Treasures of the National Museum of Ireland: Irish Antiquities ISBN 0-7171-2829-6
  • Stone, Lawrence (1955). Sculpture in Britain: The Middle Ages, Penguin Books (Yale History of Art anois)
  • Bhreathnach, Edel (2001), "The cultural and political milieu of the deposition and manufacture of the hoard discovered at Reerasta Rath, Ardagh, Co. Limerick", in Mark Redknap (eag.), Pattern and Purpose in Insular Art. Oxbow Books.
  • Byrne, Francis J. (2001), Irish Kings and High-Kings. Four Courts Press. An dara heagrán.
  • Duffy, Seán (eag.) (2001), Medieval Ireland: An Encyclopedia. Routledge.
  • Gógan, Liam S. (1932), The Ardagh Chalice. Dublin.

Naisc Eachtracha

cuir in eagar