Ardach, Contae Luimnigh

baile i gContae Luimnigh

Is baile fearainn, sráidbhaile, agus paróiste sibhialta i gContae Luimnigh é Ardach. Tá an sráidbhaile suite ag acomhal na mbóithre R523 agus R521. Is é an Caisleán Nua an baile is gaire, 5 km (3 mhíle) ó dheas. Is í Scoil Náisiúnta Naomh Molua an bhunscoil áitiúil. Is é Naomh Ciarán an cumann áitiúil CLG; tagann a chuid ballraíochta ó na paróistí Ardach-Carraig Chiarraí agus Cúil Cheapach-Cill Cholmáin.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilArdach, Contae Luimnigh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52° 29′ 39″ N, 9° 03′ 49″ O / 52.49412°N,9.06372°W / 52.49412; -9.06372
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Luimnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie31638

Stair agus seandálaíocht

cuir in eagar
 
Cailís Ardach

Ar an 5 Márta 1867, le linn Éirí Amach na bhFíníní, rinne lucht tacaíochta na bhFíníní iarracht beairic áitiúil Chonstáblacht Ríoga na hÉireann a ghabháil. Ba é an siúinéir áitiúil William Upton a bhí i gceannas ar an ionsaí. Níor éirigh leo, agus gabhadh go leor de na Fíníní ina dhiaidh sin, cé gur éalaigh Upton féin go Meiriceá sa deireadh.[1]

Sa bhliain 1868, thángthas ar Thaisce Ardach, bailiúchán déantán ársa lena n-áirítear Cailís Ardach ón 8ú haois, i ráth an Riaráiste i ngar d'Ardach. Tá an chailís in Ard-Mhúsaem na hÉireann i mBaile Átha Cliath anois.[2]

  1. Fenian Uprising - Ardagh, Co Limerick”. Clan Magner Association. Dáta rochtana: 2 May 2015.
  2. The Ardagh Chalice”. National Museum of Ireland. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 10 June 2015. Dáta rochtana: 2 May 2015.
  3. Estate: O'Brien (Cahermoyle)”. NUI Galway. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 August 2014. Dáta rochtana: 2 May 2015.