Airgead (dúil)

Dúil mhiotalach is ea an t-airgead nó an t-airgead geal, agus is í an uimhir adamhach atá aige sa tábla peiriadach ná 47. Is é an meáchan adamhach atá aige ná 107.880, agus cuirtear in iúl é sna foirmlí ceimiceacha leis an ngiorrúchán Ag, atá bunaithe ar an bhfocal Laidine argentum.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachAirgead
Silver crystal.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus combustible powder (en) Aistrigh
Airgead sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachAg
Uimhir adamhach47
Mais adamhach107.8682
Peiriad, Grúpapeiread 5
Dúil Ghrúpa 11
Airíonna fisiceacha
Dathairgead
Dlús10.49 kg/m⁻³
Leáphointe1,761
Fiuchphointe3,632 agus 961.78
Leictridhiúltacht2
Ga ianach100, 115, 128, 79, 94 agus 75
Stair
Fionnachtain5 mílaois "RCh"
Eapainmbán
Ag-TableImage.svg
buillean

Suíomh sa tábla peiriadachCuir in Eagar

 
Smután airgid

Tá an t-airgead geal ar an dara ceann de na miotail i ngrúpa a 11, in éineacht leis an ór agus leis an gcopar. Ceann de na miotail trasdultacha is ea é, mar sin. Tá sé suite i bpeiriad 5. Mar sin, is í an dúil a thagann roimhe ná an pallaidiam, agus an caidmiam ag teacht sna sálaí aige.

 
Buail mona 3 dollar (1867)

Tréithe fisiceachaCuir in Eagar

Miotal, beagnach bán, bog agus lonrach atá ann, ina sheoltóir maith teirmeach is leictreach. Tá an t-airgead geal ar an seoltóir idir leictreach agus teirmeach is fearr atá ann. A leáphointe 961°C.

Is neamhghníomhach ó thaobh ceimice de. Cornhdhúilíonn sé le sulfar, rud a theirnhlíonn a dhromchla.

 
Aicéitilíd

Ós rud é gur triathmhiotal é, faightear ina aonar é sa nádúr. Faightear saor nearnhchomhcheangailte i mianaigh é, go príornha le luaidhe is copar. Thairis sin, is féidir é a fháil i mianraí ar nós argaintít, arb ionann í agus suilfíd an airgid (I), Ag2S, agus cornairgead nó clórargairít, arb ionann í agus clóiríd an airgid (I), AgCl.

 
Spúnóga, Hoxne, Suffolk (4ú haois)

ÚsáidCuir in Eagar

Úsáidtear an miotal seo sa mhonaíocht, seodra, sa ghrianghrafadóireacht, sa leictreonaic, i scátháin fhrithchaiteacha, soithí airgid, agus san fhiaclóireacht. In úsáid freisin sa mhíochaine, dúigh, scátháin, agus go forleathan sa cheimic. An dúil is fearr le sruth leictreach a sheoladh[1].

TagairtíCuir in Eagar

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)